20210202_Scoileanna speisialta le hathoscailt ar 11 Feabhra.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yy2ums98

Special schools to reopen on 11 February.

Scoileanna speisialta le hathoscailt ar 11 Feabhra.

Special schools in the state are set to reopen a week from Thursday, February 11th.

Tá scoileanna speisialta sa stát le hoscailt in athuair seachtain ón Déardaoin, an 11 Feabhra.

Classes for pupils with special needs will be offered again in the ordinary schools on 22 February.

Ar an 22 Feabhra a chuirfear ranganna ar fáil arís sna gnáthscoileanna do dhaltaí le riachtanais speisialta.

An afternoon agreement was reached between the Department of Education and the FORSA unions and the Irish National Teachers’ Association (INTO).

Thángthas ar shocrú tráthnóna idir an Roinn Oideachais agus na ceardchumainn FORSA agus Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) .

Also today, a Government Sub – Committee on Education met this year for the future of the Leaving Certificate examination.

Inniu freisin,bhí Fochoiste Rialtais ar chúrsaí Oideachais i mbun cruinnithe maidir lena bhfuil i ndán i mbliana don scrúdú Ardteistiméarachta.

The Government is now under pressure to make an early decision on this year ‘s Leaving Certificate examination.

Tá brú ag teacht ar an Rialtas anois cinneadh a dhéanamh go luath i dtaca le scrúdú na hArdteistiméarachta i mbliana.

Early Government Decision on Leaving Certificate It is understood that the Government will have made a decision in this regard by next week, at the latest.

Cinneadh go luath ón Rialtas ar an Ardteistiméaracht Tuigtear go mbeidh cinneadh déanta ag an Rialtas ina thaobh seo faoin tseachtain seo chugainn, ar a dheireanaí.

Foreign Minister Simon Coveney said earlier that the outcome of this meeting would be presented to the Government meeting tomorrow.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney níos túisce go gcuirfí torthaí an chruinnithe seo faoi bhráid chruinniú an Rialtais amárach.

Leave a Reply