20210130_Fiosrúchán ar bun i Wuhan maidir le tús an ghalair Covid 19.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y45scnsx

Inquiry underway in Wuhan into the onset of Covid ‘s disease 19.

Fiosrúchán ar bun i Wuhan maidir le tús an ghalair Covid 19.

An inquiry has been set up in Wuhan, China with a World Health Organization inquiry into the origin of Covid ‘s disease 19.

Tá fiosrúchán curtha ar bun i Wuhan na Síne le fiosrúchán de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le túsphointe an ghalair Covid 19.

The first case is thought to have come from a food market in the city.

Glactar leis gur ó mhargadh bia sa gcathair a tháinig an chéad chás.

The inquiry was delayed because the World Health Organization was concerned that the evidence would not be given to them, and that if it were, it would not be strong enough after a year’s time.

Cuireadh moill ar an bhfiosrúchán mar bhí imní ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach dtabharfaí an fhianaise dóibh, agus dá dtabharfaí, nach mbeadh sé láidir a dhóthain tar éis imeacht bliana.

The team of experts met with officials in China today.

Bhuail an fhoireann saineolaithe le hoifigigh sa tSín inniu.

The inquiry is being closely monitored by the media around the globe.

Tá súil ghéar á coimeád ar an bhfiosrúchán ag na meáin ar fud na cruinne.

The primary goal of the investigation is to determine exactly how the virus was transmitted from animals to humans.

Tá sé mar bhunsprioc ag an bhfiosríúchán a dheimhniú cén chaoi go díreach ar aistrigh an víreas ó ainmhithe go dtí an cine daonna.

They will visit Hubei Regional Hospital, where the first patients with Covid 19 received treatment.

Tabharfaidh siad cuairt ar Ospidéal Réigiúnach Hubei, an áit ina bhfuair na céad othair a raibh Covid 19 orthu cóir leighis.

They are also to visit Huanan Market and Wuhan Institute of Virology.

Tá siad le cuairt a thabhairt freisin ar Mhargadh Huanan agus ar Institiúid Víreolaíochta Wuhan.

Leave a Reply