Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:05 — 725.3KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yygjzw86
Referendum will not be required to obtain a birth certificate.
Ní bheidh gá le Reifreann chun teacht ar theastas breithe.
Attorney General Paul Gallagher has assured Taoiseach Micheál Martin that a referendum will not be required to allow former Mother and Child Homes to obtain their birth certificate.
Tá sé dearbhaithe ag an Ard-Aighne Paul Gallagher don Taoiseach Micheál Martin nach mbeidh gá le reifreann le cead a thabhairt do dhaoine a bhí sna hÁrais Máithreacha agus Leanaí teacht ar a dteastas breithe.
This was one of the biggest demands of people born in the Maternity and Child Homes and reported in the Commission of Inquiry Report published on Tuesday.
Bhí sé seo ar cheann de na héilimh is mó a bhí ag daoine a rugadh sna hÁrais Máithreacha agus Leanaí agus a tuairiscíodh i dTuarascáil an Choimisiúin Fiosrúcháin a foilsíodh Dé Máirt.
In a statement made by President Michael D.
I ráiteas a rinne an tUachtarán Michael D.
Higgins said of the report that the State must take responsibility – for not providing proper assistance to thousands of young women and their children.
Higgins faoin tuarascáil dúirt sé go gcaithfeadh an Stát freagracht a ghlacadh – faoi nár cuireadh cúnamh ceart ar fáil do na mílte ban óg agus a gcuid páistí.
The Coalition, which represents adopted people, has welcomed the news that a Referendum on the subject will not be necessary.
Tá fáilte curtha ag an gComhghuaillíocht a dhéanann iondaíocht ar dhaoine uchtaithe roimh an scéal nach mbeidh gá le Reifreann ar an ábhar.
The Government is about to begin introducing information and tracking legislation.
Tá an Rialtas le tús a chur le reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le heolas agus rianú.