Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:05 — 960.7KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxn2qfp9
Talk of reopening special schools soon.
Caint ar scoileanna speisialta a oscailt arís go luath.
Education Minister Norma Foley said schools for children with special needs could reopen within a week.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go bhféadfaí scoileanna do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a oscailt arís faoi cheann seachtaine.
Speaking after talks with unions this morning, Minister Foley said she, the Irish National Teachers’ Association and the Force wanted the special schools to reopen a week from today.
Ag labhairt di tar éis cainteanna a bhí aici le ceardchumainn ar maidin, dúirt an tAire Foley gur mhian léi féin, le Cumann Múinteoirí Éireann agus le Fórsa go n-osclófaí na scoileanna speisialta arís seachtain ó inniu.
It is also requested that special classes be provided in primary schools for children with disabilities.
Táthar ag iarradh go gcuirfí ar fáil freisin na ranganna speisialta sna bunscoileanna do leanaí atá faoi mhíchumas.
The Irish National Teachers’ Association has called for the Covid-19 vaccine to be given to staff in special schools earlier than currently planned on the basis that they are frontline workers.
Diarr Cumann Múinteoirí Éireann go dtabharfaí an vacsaín covid 19 do bhaill foirrne i scoileanna speisialta níos túisce ná atá beartaithe faoi láthair ar an mbonn gur oibrithe túslíne iad.
The Association of Secondary Teachers has reiterated that the Leaving Certificate examinations should proceed as normal in June.
Tá sé ráite arís eile ag Cumann na Meánmhúinteoirí gur cheart dul ar aghaidh le scrúdithe na hArdteistméireachta mar is gnách i mí an Mheithimh.
Fianna Fáil Senator Timmy Dooley had said that the exams should be canceled and students should be awarded calculated grades again this year.
Bhí sé ráite ag Seanadóir Fhianna Fáil Timmy Dooley gur cheart na scrúduithe a chur ar ceal agus gráid ríofa a bhronnadh ar dhaltaí arís i mbliana.
However, the president of the Association of Secondary Teachers, Ann Piggott, said that this was a strange speech by a member of the same party as the Minister for Education who has made it clear that he intends to proceed with the examinations.
Dúirt uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí Ann Piggott, áfach, go mbaisteach an chaint í sin ag ball den pháirtí céanna leis an Aire Oideachais a bhfuil sé tugtha le fios aici go neamhbhalbh go bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh leis na scrúduithe.