20210113_IRISH_09_31



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yxkgfmbg

“A sad, difficult, shameful chapter in our history” – Taoiseach.

“Caibidil dhuairc, dheacair, náireach inár stair” – Taoiseach.

Taoiseach Micheál Martin said that the report on maternity and infant homes describes a sad, difficult and shameful chapter in the history of this country in recent years.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcuirtear síos sa tuarascáil faoi árais máithreacha agus naíonan ar chaibidil dhuairc, dheacair agus náireach i stair na tíre seo le blianta beaga anuas.

It is a story that has had serious consequences for many people, he said.

Is scéal é a raibh torthaí tromchúiseacha aige ar go leor daoine, a dúirt sé.

He argued that the report revealed a systemically extremely cold and oppressive culture against women, especially those who had unmarried children.

Mhaígh sé gur nocht an tuarascáil cultúr a bhí thar a bheith fuafuar agus leatromach ar bhonn córasach ar mhná, go háirithe orthu siúd a rug leanaí gan iad a bheith pósta.

The Taoiseach said that no foreigners have pushed us on that regime, we as a society have betrayed ourselves.

Dúirt an Taoiseach nár bhrúigh aon dream eachtrach an réimeas sin orainn, is muid féin mar shochaí a rinne an feall orainn féin.

Sinn Féin leader Mary Lou McDonald said the State was clearly to blame for the injustice done to women and children in the homes.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur léir gur ar an Stát atá an milleán faoin éagóir a rinneadh ar mhná agus leanaí sna hárais.

The Taoiseach’s apology will be measured by the subsequent action taken, she said.

Tomhasfar leithscéal an Taoisigh de réir an leorghnímh ina dhiaidh, a dúirt sí.

Sinn Féin leader Mary Lou McDonald called for records, including birth certificates, to be made available to occupants.

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald Diarr sí go gcuirfí taifid, teastais bhreithe ina measc, ar fáil do dhaoine a bhí sna hárais.

Labor Party children’s affairs spokeswoman Senator Ivana Bacik claimed that while this is a difficult day there is also relief for those who have suffered persecution.

Mhaígh urlabhraí gnóthaí leanaí Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Ivana Bacik, cé gur lá deacair é seo go bhfuil faoiseamh le fáil ann freisin don dream a dfhulaing an ghéarleanúint.

She said the abuse of women and children in Irish State institutions was a devastating one.

Dúirt sí gur scéal millteanach atá sa drochíde a tugadh do mhná agus leanaí i bhforais Stáit in Éirinn.

Leave a Reply