20210106_IRISH_11_37



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y4lua9h9

Additional charges for goods purchased in Britain.

Táillí breise ar earraí a cheannaítear sa Bhreatain.

Additional fees and taxes are now being levied on goods that people in this country buy online from British companies.

Tá táillí agus cánacha breise á ngearradh anois ar earraí a cheannaíonn daoine sa tír seo ar líne ó chomhlachtaí sa Bhreatain.

Since Britain’s exit from the European Union at the beginning of the year, VAT has been levied on various goods.

Ó dimigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach ag tús na bliana, tá Cáin Bhreisluacha agus Dleacht Mháil á ngearradh ar earraí éagsúla.

The additional fees apply to transactions over € 22.

Baineann na táillí breise le hidirbhearta os cionn €22.

Any transaction over € 22 will now be subject to Value Added Tax and any transaction over € 150 will be subject to Excise Duty.

Gearrfar Cáin Bhreisluacha feasta ar aon idirbheart os cionn €22 agus gearrfar Dleacht Mháil ar aon idirbheart os cionn €150.

The amount of the fee will depend on the type of item involved.

Beidh méid na táille ag brath ar an saghas earra atá i gceist.

The Government is advising people to familiarize themselves with these changes before buying goods from Britain.

Tá an Rialtas ag comhairliú do dhaoine iad féin a chur ar an eolas faoi na hathruithe seo sula gceannaíonn siad earraí ón mBreatain.

Leave a Reply