20201226_IRISH_news-17_33



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y8x4tcv4

1,025 new Covid-19 cases.

1,025 cás nua covid 19.

Two others died.

Beirt eile tar éis bháis.

The Department of Health has announced that 1,025 new cases of Covid-19 virus have been confirmed in the State.

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 1,025cás nua den víreas covid 19 deimhnithe sa Stát.

Two others have died from the virus.

Tá beirt eile básaithe de bharr an víris.

A total of 2,194 people have died in the State and 84,098 have contracted the virus.

Tá 2,194 duine san iomlán tar éis bháis sa Stát agus an víreas tolgtha ag 84,098 duine.

Chief Medical Officer Dr Tony Holohan said the new variable observed earlier this month in Britain, SARS-CoV-2, has been identified from a sample tested in the National Reference Service laboratory for Viruses. further tests in the coming weeks would reveal how much of the new variable is in Ireland.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go bhfuil an t-athróg nua a tugadh faoi ndeara ag tús na míosa seo sa Bhreatain, SARS-CoV-2 aitheanta ó shampla a cuireadh scrúdú i saotharlann na SeirbhíseTagartha Náisiúnta maidir le Víris Dúirt sé go ninseodh tuilleadh tástálacha sna seachtainní romhainn cé mhéid den athróg nua atá in Éirinn.

Meanwhile, he went on to say that it is essential to stay at home, avoid contact with people and follow public health guidelines.

Idir an dá linn, lean sé le rá go bhfuil sé riachtanach go bhfanfaí sa bhaile, teagmháil le daoine a sheachaint agus go leanfaí treoireacha sláinte poiblí.

He said that this guide is especially important for people who came home for Christmas from Britain and should be self – isolated for fourteen days – not to be in contact with anyone, not to be out or shopping in that length of time.

Dúirt sé go bhfuil tábhacht ar leith leis an treoir seo do dhaoine a tháinig abhaile don Nollaig ón mBreatain agus gur cóir dóibh féinleithlisiú ar feadh ceithre lá déag – gan bheith i dteagmháil le héinne, gan bheith amuigh nó bheith ag siopadóireacht san achar sin ama.

Leave a Reply