20201216_IRISH_08_55



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yagzgm42

1,000 people who died abroad have been abducted by a charity.

1,000 duine a bhásaigh thar lear curtha abhus de bharr carthanais.

Multimedia Journalist A charity in Newry, Co Down, set up seven years ago, has announced that more than 1,000 people who have tragically died abroad have been brought back to Ireland for burial over the area. sin.

Iriseoir Ilmheán Tá sé tugtha le fios ag carthanas san Iúr, Co an Dúin, a bunaíodh seacht mbliana ó shin go bhfuil breis agus 1,000 duine a bhásaigh go tragóideach thar lear tugtha ar ais go hÉirinn acu lena n-adhlacadh i gcaitheamh an achair sin.

Colin Bell, who co – founded the Kevin Bell Repatriation Trust with his wife Eithne, says they are delighted to have achieved this great milestone and are honored to do the work in memory of their son.

Deir Colin Bell, a bhunaigh Iontaobhas Aisdúichithe Kevin Bell in éineacht lena bhean chéile Eithne, go bhfuil siad an-sásta an chloch mhíle mhór seo a bhaint amach agus gur mór an onóir dóibh an obair a dhéanamh i gcuimhne ar a mac.

In June 2013, her son Kevin was killed when he was knocked down by a car in New York. Kevin was 26 years old.

I Meitheamh na bliana 2013, maraíodh a mac Kevin nuair a leag gluaisteán é in Nua-Eabhrac Bhí Kevin 26 bliain daois.

He was a dancer, a footballer and a young man who was very offended.

Rinceoir, peileadóir agus fear óg a raibh an-chion air ab ea é.

However, bringing his body home was expensive and the people of Newry raised € 150,000 at the time to help their families meet this cost.

Bhí costas mór ag baint lena chorp a thabhairt abhaile, áfach, agus bhailigh pobal an Iúir €150,000 ag an am chun cuidiú lena mhuintir an costas seo a ghlanadh.

“After Kevin ‘s death, the people of the area were so good to us.

“I ndiadh bhás Kevin, bhí muintir an cheantair chomh maith sin dúinn.

They collected so much.

Bhailigh siad an oiread sin.

It was natural that we would use the money to help others.

Bhí sé nádúrtha go n-úsáidfeadh muid an t-airgead chun cuidiú le daoine eile.

We have brought people home from all over the world.

Tá daoine tugtha abhaile againn ó gach páirt den domhan.

We can take that stress away from family.

Thig linn an strus sin a bhaint ó chlann.

We can say – you don’t have to do anything else, we will make the arrangements and pay for bringing the person home, “said Colin.

Thig linn a rá – ní chaithfidh tú rud ar bith eile a dhéanamh, déanfaidh muid na socruithe agus íocfaidh muid as an duine a thabhairt abhaile,” a dúirt Colin.

Before the Bell family founded the repatriation charity, there was no such thing north or south.

Sular bhunaigh teaghlach Bell an carthanas aisdúichithe, ní raibh a leithéid ann thuaidh ná theas.

They have repatriated over 1,000 bodies from 61 countries to every county in Ireland in seven years.

Tá aisdúichiú déanta acu ar bhreis agus 1,000 corp ó 61 tír go dtí gach aon chontae in Éirinn le seacht mbliana.

In some cases, the cost can be up to € 15,000, depending on the circumstances of the death.

I gcásanna áirithe, bíonn costas suas le €15,000 i gceist, ag brath ar chuinsí an bháis.

Gathering is not enough and Colin and Eithne ‘s family, as well as the general public, often raise money for the foundation as a token of gratitude.

Ní neart go cur le chéile agus is minic a bhailíonn daoine muinteartha Colin agus Eithne, chomh maith leis an ngnáthphobal, airgead don fhondúireacht mar chomhartha buíochais.

“Because of the support that we receive, we are able to continue the work that we are doing.

“Mar gheall ar an tacaíocht a fhaigheann muid, tá muid ábalta leanúint leis an obair atá ar bun againn.

We are honored and privileged to do it in Kevin ‘s name, “said Colin Bell.

Is onóir agus is pribhléid dúinn í a dhéanamh in ainm Kevin,” a dúirt Colin Bell.

Leave a Reply