20201214_IRISH_09_50



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y44p2otw

Covid-19 vaccination plan to be submitted to Government.

Plean vacsaínithe covid 19 le cur faoi bhráid an Rialtais.

A special task force is to make recommendations to the Government today on how best to implement the Covid-19 vaccination program over the next few months.

Tá tascfhórsa speisialta le moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais inniu faoin mbealach is fearr leis an gclár vacsaínithe covid 19 a chur i bhfeidhm as seo go ceann roinnt míonna.

It is understood that the plan contains a great deal of detail on the storage and transport of vaccines.

Tuigtear go bhfuil neart mionsonraí sa phlean faoi na vacsaíní a stóráil agus a iompar ó áit go háit.

Vaccines need to be kept at very low temperatures and the Government has already purchased nine special controllers for this purpose.

Ní mór na vacsaíní a choinneáil ag teocht fíoríseal agus tá naoi reoleoraí speisialta ceannaithe ag an Rialtas cheana féin chuige sin.

However, the plan does not appear to be published until next week after the Government discussed it at their weekly meeting on Tuesday.

Is cosúil nach bhfoilseofar an plean go dtí an tseachtain seo chugainn, áfach, tar éis don Rialtas é a phlé ag a gcruinniú seachtainiúil Dé Máirt.

Distribution of vaccines will begin in the new year as soon as they are officially approved by the European Medicines Agency.

Cuirfear tús le dáileadh na vacsaíní san athbhliain chomh luath agus a bheas siad ceadaithe go hoifigiúil ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

Vaccines seem to come from GPs and pharmacists but there is also talk of setting up special clinics.

Is cosúil gur ó dhochtúirí teaghlaigh agus ó phoitigéirí a gheobhas daoine na vacsaíní ach tá caint ar chlinicí speisialta a bhunú freisin.

The task force is chaired by Professor Brian McGrath of Dublin City University.

Is é an tOllamh Brian Mac Craith ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cathaoirleach an tascfhórsa.

The vaccines will be available free of charge to everyone in the State and the Government is to set up a communications campaign to combat inaccurate propaganda and reassure people about the process.

Beidh na vacsaíní ar fáil saor in aisce do gach duine sa Stát agus tá an Rialtas le feachtas cumarsáide a bhunú le dul i ngleic le bolscaireacht mhíchruinn agus le daoine a chur ar a suaimhneas faoin bpróiseas.

Leave a Reply