20201208_IRISH_08_10



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y29guugh

Market worries now in Brexit talks.

Imní faoi mhargadh anois i gcainteanna Brexit.

Officials from the European Union (EU) and the United Kingdom (UK) are continuing their talks tonight in a bid to reach a deal in the Brexit talks.

Tá feidhmeannaigh ón Aontas Eorpach (AE) agus ón Ríocht Aontaithe (RA) ag leanacht lena gcainteanna anocht féachaint le theacht ar mhargadh sna cainteanna Breatimeachta.

Foreign Minister Simon Coveney said there was despair at the moment.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney go bhfuil éadóchas le brath faoi láthair.

There could be poor pressure at various ports in Britain and Ireland in the event of a Brexit without a market.

Dfheadfadh brú bocht a bheith ann ag calafoirt éagsúla sa Bhreatain agus in Éirinn i gcás Brexit gan mhargadh Bhí sé ag tagairt don méid atá ráite roimhe seo ag Príomh Idirghabhálaí an AE, Michel Barnier.

Mr Barnier said he was not overly optimistic that a deal could be made with the UK.

Dúirt an tUasal Barnier nach raibh sé féin ró-dhóchasach go bhféadfaí margadh a dhéanamh leis an RA.

‘We have to settle for Brexit by Wednesday, or the European Commission will go ahead with plans on the basis that there will be no market,’ he said.

Caithfidh socrú a bheith againn ar an mBreatimeacht faoin gCéadaoin, nó gabhfaidh an Coimisiún Eorpach ar aghaidh le pleananna ar an mbunús nach mbeidh margadh a dúirt sé.

The Taoiseach said that these talks are clearly ‘very challenging’.

Dúirt an Taoiseach gur léir go bhfuil na cainteanna seo thar a bheith dúshlánach.

In the evening, the British Government has announced that the controversial provisions relating to Northern Ireland will be withdrawn in the Internal Market Bill if they reach a settlement on free trade.

Tráthnóna tá Rialtas na Breataine tar éis a rá go dtarraingeofar siar na forálacha conspóideacha a bhaineann le Tuaisceart Éireann, sa Bhille faoin Margadh Inmheánach má thagann siad ar réiteach faoin saor-thradáil.

Earlier today, Sinn Féin leader Mary Lou McDonald said she believed that a bargain could always be made, and that no one wanted Brexit without a market and ‘job losses and the other negative implications that go with it’.

Níos túisce inniu, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcreideann sise gur féidir margadh a dhéanamh i gcónaí, agus nár theastaigh ó aon duine Brexit duireasa margaidh agus cailliúint postanna agus na himpleachtaí diúltacha eile a théann leis.

Mairéad McGuinness expects a lease of hope in the evening Deputy McDonald said that ‘Britain with Claire Byrne’ is currently on Britain’s ‘political breakdown in connection with the Brexit talks’.

Mairéad McGuinness ag súil go mbeidh léas dóchais éigin ann tráthnóna Dúirt an Teachta McDonald go bhfuil bruachaireacht pholaitiúil ar bun ag an Bhreatain faoi láthair i dtaca leis na cainteanna Breatimeachta ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Today with Claire Byrne.

On the same program, EU Commissioner for Ireland MEP Mairéad McGuinness (FG) said there will be no winners no matter what happens, whether there is a market or not.

Ar an gclár céanna, dúirt an Coimisinéir Éireannach san AE, An Feisire Eorpach Mairéad McGuinness (FG) nach mbeidh aon bhuaiteoirí ann is cuma céard a tharlaíonn, bíodh margadh ann nó ná bíodh.

‘I don’t think the British understood the full implications of Brexit when a majority of them voted to leave the EU in 2016,’ she said.

Ní dóigh liom gur thuig na Breatainigh na himpleachtaí iomlána i dtaca le Brexit nuair a vótáil a bhformhór ar an AE a fhágáil i 2016 a dúirt sí.

Ursula Von der Leyen, President of the European Commission (left) and British Prime Minister Boris Johnson ‘Britain cannot fully find its own way in these talks, and it must understand that,’ she added.

Ursula Von der Leyen,Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé) agus Príomh Aire na Breataine,Boris Johnson Ní fhéadfaidh an Bhreatain a bealach féin a fháil go hiomlán sna cainteanna seo, agus caithfidh sí sin a thuiscint a dúirt sí freisin.

Leave a Reply