Podcast: Play in new window | Download (Duration: 5:01 — 1.2MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y6qwq4qw
A collection of 50 Tom a ‘tSeoige songs published.
Cnuasach 50 amhrán Tom a tSeoige foilsithe.
There are few pubs in the Galway Gaeltacht that do not hear a song by Tom a ‘tSeoighe being played there or danced to.
Is beag teach tábhairne i nGaeltachtaí na Gaillimhe nach gcloistear amhrán de chuid Tom a tSeoighe á chasadh ann nó á dhamhsú leis.
Tom a ‘tSeoighe was fourteen years old when he wrote his first song while growing up in Lettermore, Co. Mayo.
Ceithre bliana déag d’aois a bhí Tom a’ tSeoighe nuair a scríobh sé a chéad amhrán agus é ag fás aníos i Leitir Móir i gCo.
Galway.
na Gaillimhe.
He is now forty-five years old and has composed over three scores of songs, on the themes of migration, love and loneliness.
Ceithre scór go leith bliain d’aois atá sé anois agus tá os cionn trí scór amhrán cumtha aige, faoi théamaí na h- imirce, an ghrá agus an uaignis.
For the first time ever, Cló Iar-Chonnacht has collected fifty of his songs under one cover as well as the recording and musical notes of the songs.
Don chéad uair ariamh tá leathchéad dá chuid amhrán bailithe faoi aon chlúdach amháin ag Cló Iar-Chonnacht maraon le taifeadadh agus nótaí ceoil na n-amhrán.
The collection was compiled by Síle Denvir and Ciarán Ó Fátharta, Tom ‘s nephew.
Is iad Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta, mac deirfíre le Tom a chuir an cnuasach le chéile.
Dr Síle Denvir The CD contains a recording of 34 of the best known songs as they were released or performed in public.
An Dr Síle Denvir Tá taifeadadh de 34 ceann de na hamhráin is aitheanta ar an dlúthdhiosca mar a h-eisíodh nó a casadh go poiblí iad.
Musicians include John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Peadar Ó Flatharta, Máirtín Beag Ó Gríofa and Nóra Ghriallais.
Ina measc na gceoltóirí tá John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Peadar Ó Flatharta, Máirtín Beag Ó Gríofa agus Nóra Ghriallais.
Ciarán Ó Fátharta Tom a ‘tSeoighe is regarded as one of the best composers of the life of the emigrants who left Connemara in the 1950s and left for England.
Ciarán Ó Fátharta Dearctar ar Thom a’ tSeoighe mar dhuine de na cumadóirí is fearr a léirigh saol na n-imirceach a d’fhág Conamara sna 1950 agus a thug a n-aghaidh ar Shasain.
It describes the kind of work they did over there, the loneliness they felt after home, the grip that some of them got drunk and the sadness of those who never returned.
Tá cur síos ann ar an chineál oibre a rinne siad thall, an t-uaigneas a bhí orthu i ndiaidh an bhaile, an greim a fuair an t-ól ar chuid acu agus an brón a bhí orthu siúd nár fhill ariamh.
The rest of his songs contain a comprehensive account of the work of boat builders in Connemara as well as those who sailed the boats and took part in the bets or races.
Tá cuntas cuimsitheach i gcuid eile dá chuid amhrán ar obair na saortha bád i gConamara chomh maith leo siúd a sheol na báid agus a bhíodh páirteach sna geallta nó rásaí.