Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:30 — 822.9KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yychnf8c
Doubts about cross-border travel from now until December.
Amhras faoi thaisteal trasteorann as seo go Nollaig.
Tánaiste Leo Varadkar said the Government will look at cross-border travel at its meeting tomorrow on easing Covid-19 restrictions in light of the continuing high incidence of the disease in the North.
Dúirt an Tanáiste Leo Varadkar go mbreathnóidh an Rialtas ar thaisteal trasteorann ag an gcruinniú a bheas acu amárach faoi shrianta covid 19 a mhaolú i bhfianaise líon na gcásanna den ghalar sa Tuaisceart a bheith an-ard i gcónaí.
Speaking at a meeting of the Fine Gael parliamentary party last night, Leo Varadkar said the Government may advise people not to travel north when restrictions in the Republic are relaxed next week.
Ag labhairt dó ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, dúirt Leo Varadkar go mbfhéidir go gcomhairleodh an Rialtas do dhaoine gan taisteal ó thuaidh nuair a mhaolófar na srianta sa Phoblacht an tseachtain seo chugainn.
The Government’s Covid-19 subcommittee is to discuss the latest advice from the National Public Health Emergency Team today.
Tá fochoiste covid 19 an Rialtas leis an gcomhairle is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí a phlé inniu.
Restrictions between now and the new year will be decided at a Government meeting on Friday.
Déanfar cinneadh faoi shrianta idir seo agus an athbhliain ag cruinniú Rialtais Dé hAoine.
It appears that the Government intends to relax restrictions for two weeks over the Christmas period and not re – apply them thereafter unless the number of cases of coronavirus increases.
Is cosúil go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas srianta a mhaolú ar feadh coicíse i gcaitheamh na Nollag agus gan iad a chur i bhfeidhm arís ina dhiaidh sin mura dtiocfaidh ardú ar líon na gcásanna den choróinvíreas.
Leo Varadkar said yesterday that retail stores, fitness centers and hairdressers will be the first to reopen next week.
Dúirt Leo Varadkar inné gur siopaí miondíola, ionaid aclaíochta agus gruagairí is túisce a osclós arís an tseachtain seo chugainn.