Podcast: Play in new window | Download (Duration: 2:19 — 542.6KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y434ofmg
Man arrested in Belfast over Birmingham bombings.
Fear gafa i mBéal Feirste faoi bhuamálacha Birmingham.
A 65-year-old man was arrested in Belfast today in connection with the 1974 IRA bombings in Birmingham in which 21 people were killed.
Gabhadh fear 65 bliain daois i mBéal Feirste inniu maidir le hionsaithe buamála an IRA i mBirmingham sa bhliain 1974 inar maraíodh 21 duine.
Police from England arrested the man at his residence in the city.
Póilíní ó Shasana a ghabh an fear ina theach cónaithe sa chathair.
The house is being searched as part of the investigation.
Tá an teach á chuardach mar chuid den fhiosrúchán.
It is understood the man is currently being questioned at a police station in the North.
Tuigtear gur i stáisiún póilíní sa Tuaisceart atá an fear á cheastú faoi láthair.
Bombs exploded in two pubs in Birmingham in November 1974, killing 21 people and injuring 220 others.
Maraíodh 21 duine agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buamaí in dhá theach tábhairne i mBirmingham i mí na Samhna i 1974.
A coroner’s committee last year ruled that a delay in evicting people from pubs was caused by a messy telephone alert.
Chinn coiste cróinéara anuraidh gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne.
The jury of the coroner’s committee also found that the police were not at fault and had not received any prior knowledge of the bombs.
Chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.
Six were wrongfully convicted of the bombings and spent over fifteen years in prison.
Ciontaíodh seisear san éagóir mar gheall ar na buamálacha agus chaith siad os cionn cúig bliana déág i bpríosún.