20201112_IRISH_08_28



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y4mv98ex

“Covid-19 can be contracted a second time” – new study.

“Is féidir covid 19 a tholgadh an dara huair” – staidéar nua.

According to a new study published by the Health Information and Quality Authority, people who have already contracted Covid-19 can get it again between two and six months after they have it.

De réir staidéir nua atá foilsithe ag an Údarás um Fháisnéis agus Cáilíocht Sláinte, is féidir le daoine a tholg an galar covid 19 cheana é a tholgadh arís idir dhá mhí agus sé mhí tar éis dóibh é a chur díobh.

The study is based on information gathered from around the world.

Tá an staidéar bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh ar fud an domhain.

The Authority says the study shows that adherence to public health guidelines, especially those relating to hand washing and social separation, is extremely important for people who have contracted the disease.

Deir an tÚdarás go léiríonn an staidéar go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach do dhaoine a tholg an galar agus a tháinig as cloí i gcónaí le treoirlínte sláinte poiblí, go háirithe na treoirlínte a bhaineann le níochán lámh agus scaradh sóisialta.

However, only a small number of people – fourteen people around the world so far – have contracted Covid-19 twice.

Mar sin féin, is líon beag daoine – ceithre dhuine dhéag ar fud na cruinne go dtí seo – a bhfuil covid 19 tolgtha faoi dhó acu.

According to genetic evidence, people who have been beaten twice are two different strains of the disease.

De réir na fianaise géineolaíochta, is dhá thréithchineál éagsúla den ghalar a tholg na daoine a buaileadh faoi dhó.

Leave a Reply