20201108_IRISH_08_45



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2lmq368

Joe Biden to be President – predictors.

Joe Biden le bheith ina Uachtarán – tuar na gcraoltóirí.

American broadcasters are predicting that Joe Biden has won the US presidency.

Tá sé á thuar ag craoltóirí Mheiriceá go bhfuil Uachtarántachta na Stát Aontaithe buaite ag Joe Biden.

CNN, NBC and CBS News claimed that Biden had the day after declaring that Biden would win over Donald Trump in Pennsylvania.

Mhaígh CNN, NBC agus CBS News go raibh an lá ag Biden tar éis dóibh a dhearbhú go mbeadh an bua ag Biden thar Donald Trump i bPennsylvania.

According to this forecast, he will have 273 votes in the electoral college leaving his majority of votes.

De réir an tuair seo, beidh 273 vóta sa choláiste toghcháin aige rud a fhágann móramh na vótaí aige.

He hopes to have more votes before the full count is over.

Tá súil go mbeidh a thuilleadh vótaí aige sula mbeidh an comhaireamh iomlán críochnaithe.

Joe Biden is the oldest person ever elected President at the age of 77, and is the second ever Catholic in that office.

Is é Joe Biden an duine is sine riamh a toghadh ina Uachtarán agus é 77 mbliana d’aois, agus is é an dara Caitliceach riamh san oifig sin é.

Kamala Harris, the senator from California who will be Vice President, is the first woman to hold that office.

Kamala Harris, an seanadaóir as California a bheidh ina Leas-Uachtarán, an chéad uair do bhean an oifig sin a bhaint amach.

Her father is from Jamaica and her mother is from India and she was Attorney General of California.

As Jamaica a hathair agus as an India a máthair agus bhí sí ina hArd-Aighne ar Chalifornia.

Political leaders around the world, including President Higgins and the Taoiseach, have congratulated Biden and Harris on their victory.

Tá a mbua tréaslaithe le Biden agus Harris ag ceannairí polaitíochta ar fud an domhain ina measc an tUachtarán Higgins agus An Taoiseach.

Michael D.

Chuir Michael D.

Higgins welcomed the result stating that international reliability needed to be rebuilt.

Higgins fáilte roimh an toradh á rá go raibh gá leis an iontaofacht idirnáisiúnta a atógáil.

Micheál Martin said that relations between the United States and the European Union should be re-established.

Dúirt Micheál Martin gur cheart bonn nua a chur faoin gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Biden and Harris are expected to speak at a public event in Wilmington, Delaware tonight, and thank his supporters and try to reassure Donald Trump fans about his agenda.

Tá súil go labhróidh Biden agus Harris ag ócáid phoiblí i Wilmington, Delaware anocht, agus go nglacfaidh sé buíochas lena lucht tacaíochta agus go ndéanfaidh sé iarracht lucht leanúna Donald Trump a chur ar a suaimhneas faoina chlár oibre.

In a social media message, Biden thanked his supporters, and vowed to be president of every American.

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, ghlac Biden buíochas lena lucht tacaíochta, agus gheall go mbeadh sé ina uachtarán ar gach Meiriceánach.

Kamala Harris said the campaign was about the soul of the country, and that she and the President-elect had a lot of work to do.

Dúirt Kamala Harris gur bhain an feachtas le hanam na tíre, agus go raibh obair mhór roimpi féin agus roimh an Uachtarán-tofa.

The count is ongoing in 5 states, with Biden predicted to have the day in 4 of these.

Tá an comhaireamh ar siúl i gcónaí i 5 stát, agus tåthar ag tuar go mbeidh an lá ag Biden i 4 cinn díobh sin.

Donald Trump, 74, is still claiming that large-scale voting fraud is underway, and his campaign is facing a legal challenge in several different states.

Tá Donald Trump, 74, fós ag maíomh go bhfuil calaois vótála ar scála mór ar bun, agus tá dúshlán dlí á thabhairt ag a bhfeachtas i roinnt stát éagsúla.

Joe Biden spent eight years as Vice President when Barack Obama was President, and this is his third time running for the presidency.

Chaith Joe Biden ocht mbliana mar Leas-Uachtarán nuair a bhí Barack Obama ina Uachtarán, agus seo é an tríú uair aige bheith san iomaíocht don uachtaránacht.

Leave a Reply