20201026_IRISH_08_46



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3g8ajrl

Hand disinfectant recalled due to health risk concerns.

Díghalrán Lámh athghlaoite mar gheall ar imní faoi bhaol sláinte.

Hand disinfectant that has been widely used in schools has been removed from the market due to concerns about potential health risks and people are being advised not to use the ViraPro disinfectant anymore.

Tá díghalrán lámh a bhí á úsáid go fairsing i scoileanna bainte den mhargadh mar gheall ar imní faoi bhaol sláinte a dfhéadfadh a bheith bainteach leis agus táthar ag cur comhairle ar dhaoine gan an díghalrán ViraPro a úsáid níos mó.

The ViraPro disinfectant has been recalled by the Department of Agriculture.

Tá an díghalrán ViraPro athghlaoite ag an Roinn Talamhaíochta.

The product was recalled on Tuesday but was not announced until last night.

Déanadh an táirge a aisghairm Dé Máirt ach níor fógraíodh é go dtí aréir.

The Department of Education says schools that have been using the product can close today if they wish and will be given extra funding to buy other supplies.

Deir an Roinn Oideachais gur féidir le scoileanna a bhí ag usáid an táirge dúnadh inniu más maith leo agus cuirfear maoiniú breise ar fáil dóibh chun soláthairtí eile a cheannach.

It is understood that tests carried out by the Department show that the disinfectant contains methanol instead of ethanol and that people who have been using it for some time may develop a headache, skin rash or damage to the eyes or system. breathing.

Tuigtear go léiríonn tastálacha a rinne an Roinn go bhfuil meatánól seachas eatánól sa díghalrán agus go bhféadfadh daoine a bheadh á úsáid ar feadh tamaill, tinneas cinn a fháil, go bhféadfadh a gcraiceann briseadh amach nó go bhféadfadh sé cur as do na súile nó don chóras análaithe.

The product was also used in a number of medical facilities and sold in many retail outlets.

Bhí an táirge á úsáid i roinnt áiseanna leighis chomh maith agus ar díol i roinnt mhaith ionaid miondíola.

Leave a Reply