Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:51 — 904.0KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yyzc793m
Another rise in Covid-19 outbreaks in schools.
Ardú eile ar ráigeanna covid 19 i scoileanna.
Outbreaks of Covid-19 disease in schools across the country have risen for the second week in a row, according to the latest figures from the European Center for Disease Prevention and Control.
Tá ardú tagtha don dara seachtain as a chéile ar an méid ráigeanna den ghalar covid 19 i scoileanna na tíre, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
46 outbreaks of the disease were recorded last week, both primary and secondary schools.
46 ráig den ghalar a taifeadadh an tseachtain seo caite, idir bhunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal.
25 outbreaks recorded the previous week and twelve the previous week again.
25 ráig a taifeadadh an tseachtain roimhe sin agus dhá cheann déag an tseachtain roimhe sin arís.
An outbreak is two – or more – cases of the virus that are linked to each other.
Is é is ráig ann dhá chás – nó níos mó – den víreas a bhfuil baint acu lena chéle.
118 outbreaks recorded in schools to date.
118 ráig a taifeadadh i scoileanna go dtí seo.
In a statement, the Health Service Executive said the spread of the virus in schools needs to be tackled more quickly.
I ráiteas, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcaithfear dul i ngleic níos tapúla le leathadh an víris i scoileanna.
The statement said Covid-19 tests have been carried out by public health to date on over 10,500 people – both students and teachers – in 414 schools.
Dúradh sa ráiteas go bhfuil tástálacha covid 19 déanta ag lucht sláinte poiblí go dtí seo ar os cionn 10,500 duine – idir dhaltaí agus mhúinteoirí – i 414 scoil.
246 of them had the disease but that amount is much lower than the national rate, it was said.
Bhí an galar ar 246 díobh ach tá an méid sin i bhfad níos ísle ná an ráta náisiúnta, a dúradh.
The national rate is over 7%, 2.3% in schools.
Os cionn 7 faoin gcéad atá sa ráta náisiúnta, 2.3 faoin gcéad i scoileanna.