20201020_IRISH_11_55



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5zlanrx

Up to a water meter on some streets in Cork.

Suas le méadar uisce ar roinnt sráideanna i gCorcaigh.

A number of places in Cork city have been flooded after the Lee overtopped this morning.

Tá roinnt áiteanna i gcathair Chorcaí faoi uisce tar éis don Laoi cur thar bruach ar maidin.

Most of the main city center routes are flooded – including the South Mall, Oliver Plunkett Street, Marlborough Street, Princes Street, Pembroke Street and Patrick Street.

Tá tuilte sa chuid is mó de na príomhbhealaí i lár na cathrach – an Meal Theas, Sráid Oilibhéir Pluincéid, Sráid Marlborough, Sráid an Phrionsa, Sráid Pheambróg agus Sráid Phádraig ina measc.

Some streets are up to a water meter.

Suas le méadar uisce atá ar roinnt sráideanna.

The floods are estimated to have damaged millions of euros in businesses in the city.

Meastar damáiste na milliún euro a bheith déanta do ghnóthais sa chathair de bharr na dtuilte.

Roads in Passage West, Monkstown and Bantry town are also reported to be flooded.

Tuairiscítear bóithre sa Phasáiste, i mBaile na Manach agus i mbaile Bheanntraí a bheith faoi uisce chomh maith.

Met Éireann has issued a yellow status weather warning for the whole country.

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas buí ag dul leis eisithe don tír ar fad ag Met Éireann.

Up to 50 millimeters of rain could fall between now and 3 o’clock in the afternoon, it is said.

Dfhéadfadh suas le 50 milliméadar báistí titim idir seo agus 3 a chlog tráthnóna, a deirtear.

Leave a Reply