Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:10 — 977.4KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y2ndcdqf
Nationwide Level 5 recommended by Emergency Team.
Leibhéal 5 ar fud na tíre á mholadh ag Foireann Éigeandála.
The National Public Health Emergency Team is advising that Level 5 restrictions be applied everywhere in the country for six weeks.
Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag comhairilú go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm i ngach áit sa tír ar feadh sé seachtaine.
The advice is in a letter sent by the Emergency Team to Health Minister Stephen Donnelly last night.
Tá an chomhairle i litir a chuir an Fhoireann Éigeandála chuig an Aire Sláinte Stephen Donnelly aréir.
Taoiseach Micheál Martin said the Covid-19 crisis is very serious and the Government will have to do more as the country struggles with the disease.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an ghéarchéim covid 19 an-tromchúiseach agus go mbeidh ar an Rialtas tuilleadh a dhéanamh agus an tír ag dul chun spairne leis an ngalar.
Speaking in Brussels, where he is attending the European Union summit, the Taoiseach has indicated that he will meet with other leaders of the coalition government tomorrow, as well as the Ministers for Health, Finance and Public Expenditure.
Ag labhairt dó sa Bhruiséil, mar a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú mullaigh an Aontais Eorpach, thug an Taoiseach le fios go mbuailfeadh sé le ceannairí eile an chomhrialtais amárach, chomh maith leis na hAirí Sláinte, Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí.
He said they would give serious consideration to the new advice and take comprehensive action accordingly.
Dúirt sé go ndéanfaidís dianmhachnamh ar an gcomhairle úr agus go ndéanfaidís beart cuimsitheach dá réir.
Chief Medical Officer Dr Tony Holohan discussed the situation with Government officials today.
Phléigh an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan an scéal le hoifigigh Rialtais inniu.
Tánaiste Leo Varadkar said that the Government would follow the advice of the public and take into account public health as well as social and economic matters.
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go ndéanfadh an Rialtas a marana ar an gcomhairle agus go gcuirfidís cúrsaí sláinte poilbí chomh maith le cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta san áireamh.
Leo Varadkar also stated that he was not surprised by the latest recommendation of the Emergency Team.
Mhaígh Leo Varadkar freisin nach raibh aon iontas air faoin moladh is deireanaí na Foirne Éigeandála.
It is understood that school closures are not recommended as part of the Level 5 restrictions.
Tuigtear nach moltar go ndúnfaí scoileanna mar chuid de na srianta Leibhéal 5.