20201010_IRISH_10_45



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y3p6zeeo

Laziness exhibition on display in County Galway.

Taispeántas lásadóireachta le feiceáil i gContae na Gaillimhe.

Lace-making is often seen as a feminine, calm and polite pastime.

Is minic a dhearctar ar dhéanamh lása mar chaitheamh aimsire banúil, socair agus múinte.

But there is a lace exhibition called “The InterSpace.”

Ach tá taispeántas lásadóireachta darb ainm “An tIdirSpá.”

which is part of Galway ‘s 2020 celebrations as Europe’ s capital of culture, questioning and reimagining our image of the craft.

atá ina chuid de cheiliúradh Ghaillimh 2020 mar phríomhchathair chultúir na hEorpa, ag ceistiú agus ag athshamhlú na h-íomhá atá againn den cheird.

The artists of the exhibition are drawing from a well of 300 years of lace making tradition on the town to present intricate and delicate handicrafts in an art corridor in Headford main street.

Tá ealaíontóirí an taispeántais ag tarraingt as tobar 300 bliain de thraidisiún déanta lása ar an bhaile le saothair láimhe chasta agus mhíne a chur i láthair i gonair ealaíne i bpríomhshráid Áth Cinn.

The exhibition is part of the Small Towns, Big Ideas scheme – one of the few demonstrations of Galway 2020 that survived the COVID-19 pandemic.

Is cuid é an taispeántas den scéim Bailte Beaga, Smaointe Móra – ceann den bheagán léiriú de chuid Ghaillimh 2020 a tháinig slán ón phaindéim COVID-19.

This is a work by 34 artists – including one man – from over 10 countries, from South Africa to Argentina and back to Headford.

Saothar le 34 ealaíontóir – fear amháin ina measc – as breis agus 10 dtír atá anseo, ón Afraic Theas chuig an an Airgintín agus arais go hÁth Cinn.

Eilis Nic Dhonncha, Chair of the Headford Lace Project, said that the title An tIdirSpás came from the shape of the lace itself.

Dúirt Eilis Nic Dhonncha, Cathaoirleach Thogra Lása Áth Cinn, go dtáinig an teideal An tIdirSpás ó chruth an lása féin.

“Lace is made up of threads and the space between them.

“Is é atá i lása ná snáitheanna agus an spás atá eatarthu.

But we are also thinking about how lace is used – the space between a baptismal gown and a wedding gown and then when a person dies lace is often involved.

Ach tá muid ag smaoineadh freisin faoin gcaoi a n-úsáidtear an lása – an spás idir gúna baiste agus gúna pósta agus ansin nuair a fhaigheann duine bás is minic go mbíonn lása i gceist ansin.

There is also the space between the poor women who made the lace and the rich women who wore it. ”

Chomh maith leis sin tá an spás idir na mná bochta a dhéanadh an lása agus na mná saibhre a chaitheadh é.”

When the Headford Lace Project decided to embark on this artistic path a year ago, Eilis says “there was no talk of social separation, but now we now have another level of understanding of the space between us.”

Nuair a shocraigh Togra Lása Áth Cinn tabhairt faoin chonair ealaíne seo bliain ó shin, deir Eilis “nach raibh aon chaint ar scaradh sóisialta, ach anois tá leibhéal eile tuisceana againn anois ar an spás atá eadrainn.”

The COVID-19 pandemic forced many of the works to be created overseas and shipped to Headford to be hung in the windows of shops and homes in the main street.

Mar gheall ar an phaindéim COVID-19 béigean cuid mhaith de na saothair a chruthú thar lear agus a sheoladh go hÁth Cinn le crochadh i bhfuinneoga siopaí agus tithe cónaithe sa phríomhshráid.

The show ‘s producer, Fiona Harrington, told News that “artworks associated with hanging lace are often seen in galleries, but no lace is featured in them.

Dúirt léiritheoir an taispeántais, Fiona Harrington, le Nuacht gur “minic a fheictear saothair ealaíne a bhfuil ceangal acu le lása crochta i ndánlanna, ach nach mbíonn aon lása le feiceáil iontu.

I wanted this exhibition to provide a platform for lace growers and to recognize them as creative artists. ”

Theastaigh uaimse leis an taispeántas seo ardán a thabhairt do lucht saothraithe an lása agus aitheantas a thabhairt dóibh mar ealaíontóirí cruthaitheacha.”

The works in the art trail will be on display in the windows of Headford in Co. Galway until 18 October.

Beidh na saothair sa chonair ealaíne le feiceáil i bhfuinneoga Áth Cinn i gCo na Gaillimhe go dtí an 18 Deireadh Fómhair.

As all the works are visible from the street, the exhibition can be viewed without violating the COVID-19 restrictions.

De bhrí go bhfuil na saothair uilig le feicéail ón tsráid, is féidir an taispeántas a bhreathnú gan na srianta COVID-19 a shárú.

Leave a Reply