20200926_IRISH_08_35



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y28n3cox

“Don’t travel cross-border without gh.”

“Ná bí ag taisteal trasteorann gan gh.”

– Chief Medical Officers.

– Príomhoifigigh Leighis.

In a joint statement from the Chief Medical Officers on both sides of the border, they urged people in Derry, Strabane, Donegal and Fermanagh to avoid traveling across the border.

I comhráiteas ó na Príomhoifigigh Leighis ar dhá thaobh na teorann, dimpigh siad ar dhaoine i nDoire, an Sráth Bán, Dún na nGall agus i bhFear Manach taisteal thar an teorann a sheachaint.

Donegal has the highest number of cases of Covid 19 in the Republic and the highest in the North in Derry.

I nDún na Gall atá an líon is airde cásanna de Covid a 19 sa Phoblacht agus an líon is airde sa Tuaisceart i nDoire.

Major clean-ups took place at O’Neills’ sports factory in Strabane today.

Bhí mór-ghlantacháin ar siúl i monarchán spóirt O’Neills ar an tSráth Bán inniu.

Covid-19 is one of seven teams out of the 700 employed.

Tá covid 19 ar sheachtar foirne as an 700 atá fostaithe ann.

About half of the workers come across the border from Donegal every day and are concerned about the impact of Level 3 of intensive locking in that county.

Tagann thart fá leath na n-oibrithe trasna na teorann ó Dhún na Gall achan lá agus imní faoi thionchar Leibhéal 3 den dianghlasáil sa chontae sin orthu.

There is a high number of cases in Tyrone but the situation is worse in the north in Derry.

Tá líon ard cásanna i dTír Eoghain ach tá an scéal níos measa ó thuaidh i nDoire.

The North has the highest number of Covid-19 cases in the North, the largest on the entire island.

Tá an líon is mó cásanna de covid 19 sa Tuaisceart ansin, an líon is mó ar an oileán ar fad.

There is great concern about travel between Donegal and Derry and Tyrone, which was revealed when the Taoiseach spoke to the Northern First and Deputy First Minister alone last night – saying that a practical and realistic policy must be employed.

Tá imní mhór faoi thaisteal idir Dún na nGall agus Doire agus Tír Eoghain, a tugadh le fios nuair a labhair an Taoiseach le Céad agus Leas Chéad Aire an Tuaiscirt go haonarach aréir – ag rá go gcaithfear polasaí praiticiúil agus réadúil a fhostú.

This resulted in a virtual meeting between Chief Medical Officers on both sides of the border this morning.

Dá bharr bhí cruinniú fíorúil idir Phríomhoifigigh Leighis ar dhá thaobh na teorann ar maidin.

Dr Rónán Glynn and Dr Michael McBride published a statement urging people in Derry, Strabane, Donegal and Fear Meanach to avoid traveling across the border.

D’fhoilsigh an Dr Rónán Glynn agus an Dr Michael McBride ráiteas ag impí ar dhaoine i nDoire, an Sráth Bán, Dún na nGall agus Fear Meanach taisteal thar an teorann a sheachaint.

They called on employers to make every effort to allow people to work from home.

D’iarr siad ar fhostóirí achan iarracht a dhéanamh ligint do dhaoine oibriú ón bhaile.

They said they are deeply concerned about the significant number of cases in young people, and urged teenagers and people in their twenties and thirties to avoid others.

Dúirt siad go bhfuil imní mhór orthu faoin líon suntasach cásanna i ndaoine óga, agus d’iarr ar dhéagóírí agus daoine sna ficheadaí agus tríochaidí daoine eile a sheachaint.

Currently, throughout the North only one household is allowed to visit another house with no more than six people present.

Faoi láthair, ar fud an Tuaiscirt níl cead ach ag teachlach amháin cuairt a thabhairt ar theach eile gan níos mó ná seisear bheith i láthair.

Organizing an indoor gathering is not permitted and no more than fifteen may attend an outdoor gathering.

Níl cead theacht le chéile taobh istigh a eagrú agus níl cead ag níos mó ná cúigear déag freastal ar theacht le chéile taobh amuigh.

Leave a Reply