Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:40 — 1.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y429v8vj
Opposition to opposition to pandemic payment reduction.
Fearg ar an bhfreasúra faoi laghdú ar íocaíocht paindéime.
The Government ‘s decision to hire ten special advisers for Ministers of State has been criticized by Sinn Féin leader Mary Lou McDonald.
Tá cinneadh an Rialtais deichniúr comhairleoirí speisialta a fhostú le haghaidh Airí Stáit cáinte ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.
Speaking in the Dáil, Mary Lou McDonald said she was shocked by the decision, especially in light of the reduction in the special unemployment payment introduced for those affected by the health crisis.
Ag labhairt di sa Dáil, dúirt Mary Lou McDonald gur chuir an cinneadh alltacht uirthi, go háirithe i bhfianaise an laghdaithe atá déanta ar an íocaíocht speisialta dífhostaíochta a tugadh isteach do dhaoine atá thíos leis de bharr na géarchéime sláinte.
The measure is despicable, she said.
Is suarach an beart é, a dúirt sí.
She claimed that people will be more scared of deprivation in the future than of the coronavirus because of this decline.
Mhaígh sí go mbeidh níos mó scanraidh ar dhaoine roimh an díothacht feasta ná roimh an gcoróinvíreas mar gheall ar an laghdú seo.
Co-leader of the Social Democrats Catherine Murphy said the reduction in the unemployment payment was a major blow to the people and that the Government should reverse the decision.
Dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy gur mór an buille do dhaoine an laghdú ar an íocaíocht dífhostaíochta agus gur cheart don Rialtas dul siar ar an gcinneadh.
She also pointed out that parents whose children are staying alone because of Covid-19, are not entitled to an illness payment unless they themselves are ill.
Thug sí le fios freisin nach bhfuil tuismitheoirí a bhfuil a leanaí ag fanacht astu féin de bharr covid 19, nach bhfuil siad i dteideal íocaíochta tinnis mura bhfuil siad féin tinn.
She called on the Government to provide a support payment for parents in this arrangement.
Diarr sí ar an Rialtas íocaíocht tacaíochta a chur ar fáil do thuismitheoirí atá san eagar seo.
Taoiseach Micheál Martin said that the Government had already put € 3.5 billion into the pandemic special payment scheme and that it had also been extended.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh €3.5 billiún curtha isteach i scéim na híocaíochta speisialta paindéime cheana féin ag an Rialtas agus go raibh síneadh ama curtha leis freisin.
He pointed out, however, that the financial circumstances of the State had to be taken into account, especially as the health crisis was still threatening the country and perhaps for a long time to come.
Thug sé le fios, áfach, go gcaithfí cúinsí airgeadais an Stáit a chur san áireamh, go háirithe agus an ghéarchéim sláinte ag bagairt ar an tír go fóill agus go ceann i bhfad, bfhéidir.