20200918_IRISH_06_49



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y3wjl7f7

Gaelic entrepreneurs get melancholy in Dublin.

Lionn dubh ar ghnóthadóirí Gael i nDuibhlinn.

Businesses in Dublin are worried about the impact of further restrictions on trade in the city and the future of their businesses which have already been hit hard by the health crisis.

Tá imní ar lucht gnó i mBaile Átha Cliath faoin tionchar a bheas ag srianta breise ar chúrsaí trádala sa chathair agus faoina bhfuil i ndán dá ngnóthais atá buailte go dona cheana féin ag an ngéarchéim sláinte.

Some spoke to RTÉ / TG4 News about the situation.

Labhair roinnt acu le Nuacht RTÉ/TG4 faoin scéal.

Cathal O’Connell, owner of Paddywagon Tours, says he is not currently earning a penny.

Deir Cathal Ó Conaill, úinéir an chomhlachta Paddywagon Tours, nach bhfuil pingin rua ag teacht isteach aige faoi láthair.

There were 70 buses on the road and 120 employees before the coronary virus came to Ireland.

Bhí 70 bus ar an mbóthar agus 120 duine fostaithe aige sular tháinig an coróinvíreas go hÉirinn.

He now employs two people, and the 70 idle buses, located in a car park on Naas Road.

Beirt atá fostaithe anois aige, agus an 70 bus díomhaoin, suite i gcarrchlós ar Bhóthar an Náis.

It is broken by the pandemic, says Cathal.

Tá sé briste ag an bpaindéim, a deir Cathal.

No matter what restrictions come into effect, he says, until tourists return to the country it will have nothing.

Is cuma cé na srianta a thiocfas i bhfeidhm, a deir sé, go dtí go bhfillfidh turasóirí ar an tír ní bheidh tada aige.

Conor Clifford is the owner of Armored Performance, a fitness center in Ballyfermot.

Is é Conor Clifford úinéir Armoured Performance, ionad aclaíochta i mBaile Formaid.

It is run by the Dublin hurling and camogie teams.

Tá foirne iománaíochta agus camógaíochta Bhaile Átha Cliath faoina chúram.

Winter training sessions were due to start on Monday but, according to the guidelines to be introduced, only individual training will be allowed in fitness centers.

Bhí seisiúin traenála an gheimhridh le tosú Dé Luain ach, de réir na dtreoirlínte atá le tabhairt isteach, is traenáil aonarach amháin a bheas ceadaithe in ionaid aclaíochta.

Conor Clifford Conor says there will be major changes to the staff training plan accordingly.

Conor Clifford Deir Conor go mbeidh athruithe móra ar phlean traenála na bhfoirne dá réir.

He hopes, he says, that the new restrictions will have no impact on the centre’s membership.

Tá súil aige, a deir sé, nach mbeidh aon tionchar ag na srianta nua ar bhallraíocht an ionaid.

Ciarán Mac an Bhaird and Deirdre Carroll from the Doorway Gallery on South Frederick Street in central Dublin say there has been a significant decline in customers since the start of the pandemic.

Deir Ciarán Mac an Bhaird agus Deirdre Carroll ó dhánlann an Doorway Gallery ar Shráid Fhreidric Theas i lár Bhaile Átha Cliath go bhfuil laghdú suntasach ar chustaiméirí ó thús na paindéime.

They currently do most of their business online.

Ar líne a dhéanann siad formhór a gcuid gnó faoi láthair.

Under the new guidelines, museums and public galleries will be closed.

De réir na dtreoirlínte nua, dúnfar músaeim agus gailearaithe poiblí.

Their private gallery is close to the National Gallery, and their own space will suffer due to the additional restrictions.

Tá a ngailearaí príobháideach cóngarach don Ghailearaí Náisiúnta, agus beidh a n-áit féin thíos leis de bharr na srianta breise.

Dylan Leon Dylan Leon is a booking manager at the Glovers Alley restaurant on St. Stephen ‘s Green.

Dylan Leon Tá Dylan Leon ina bhainisteoir ar áirithintí sa bhialann Glovers Alley ar Fhaiche Stiabhna.

He says 50% of their bookings for the weekend have been canceled for a day or two.

Deir sé go bhfuil 50 faoin gcéad de na háirithintí a bhí acu don deireadh seachtaine curtha ar ceal le lá nó dhó.

While the Government has not yet made any announcement, it says people are assuming they are in the pipeline.

Cé nach bhfuil aon fhógra déanta ag an Rialtas fós, deir sé go bhfuil daoine ag glacadh leis go bhfuil siad ar na bacáin.

Dylan says there is uncertainty about these additional restrictions, and that is keeping people out of the door.

Deir Dylan go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis na srianta breise seo, agus go bhfuil sé sin ag coinneáil daoine ón doras.

Aifric Ní Ruairc Aifric Ní Ruairc from the Axix Theater in Ballymun says that shows in the theater will be canceled when the restrictions come into effect.

Aifric Ní Ruairc Deir Aifric Ní Ruairc ó Amharclann an Axix i mBaile Munna go mbeidh seónna san amharclann curtha ar ceal nuair a thagann na srianta i bhfeidhm.

There is also uncertainty about cultural events planned in the theater for tomorrow night.

Tá éiginnteacht ann faoi imeachtaí cultúir a bhí beartaithe san amharclann don oíche amárach chomh maith.

All of these promoters will reveal their views on the story on Nuacht TG4 at 7 o’clock tonight.

Nochtfaidh na gnóthadóirí seo ar fad a dtuairimí faoin scéal ar Nuacht TG4 ag 7 a chlog anocht.

Leave a Reply