20200907_IRISH_07_53



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yxjo84fa

“No need for temperature tests on school children”.

“Neamhghá le tástálacha teochta ar leanaí scoile”.

The Health Information and Quality Authority said international evidence shows that children in schools do not need health tests as part of policies to combat Covid-19 disease.

Dúirt an an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte go léiríonn an fhianaise idirnáisiúnta nach gá tástálacha sláinte a dhéanamh ar leanaí i scoileanna mar chuid de bheartais le dul i ngleic leis an ngalar covid 19.

The organization reviewed the public health council in twenty countries and what two international health associations have to say about school reopening.

Rinne an eagraíocht athbhreithniú ar an gcomhairle sláinte poiblí i bhfiche tír agus ar an méid atá le rá ag dhá chumann idirnáisiúnta sláinte faoi athoscailt scoileanna.

It was pointed out that the majority of this advice is in line with the way this country works.

Tugadh le fios go dtagann bunáite na comhairle sin le modh oibre na tíre seo.

Schools do not have to carry out any health tests on children – including a temperature test – before they step over the threshold in the morning, according to the said evidence.

Ní gá do scoileanna aon tástáil sláinte a a dhéanamh ar leanaí – tástáil teochta san áireamh – sula gcuireann siad cos thar an tairseach ar maidin, de réir na fianaise, a dúradh.

Singapore is apparently the only country where such tests are conducted.

Is í Singeapór an t-aon tír amháin ina ndéantar tástálacha den sórt seo, de réir dealraimh.

Leave a Reply