Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:09 — 738.9KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y53horem
“Due to the small number of hotels a new rule has been introduced”.
“Mar gheall ar líon beag tithe ósta a tugadh isteach riail nua”.
Tánaiste Leo Varadkar said that pubs and restaurants no longer have to keep track of what each individual customer eats.
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach gcaithfidh tithe tábhairne ná bialanna cuntas a choinneáil feasta ar an méid a íosfas gach custaiméir aonair.
However, Leo Varadkar said, they must be able to prove that people ate a meal that was € 9 or more.
Ina dhiaidh sin féin, a dúirt Leo Varadkar, caithfidh siad a bheith in ann cruthúnas a thabhairt gur ith daoine béile a bhí €9 nó os a chionn.
He was referring to the controversial rule introduced by the Government that pubs and restaurants must keep an account of the food that people order for 28 days.
Ag tagairt a bhí sé don riail chonspóideach atá tugtha isteach ag an Rialtas go gcaithfidh tithe tábhairne agus bialanna cuntas ar an mbia a ordaíonn daoine a choinneáil ar feadh 28 lá.
The Tánaiste stated that there have been very few instances where hotels have pretended to be providing food.
Mhaígh an Tánaiste gur fíorbheagán uaireanta a bhfuil sé tarlaithe go raibh tithe ósta ag ligean orthu féin go raibh siad ag cur bia ar fáil.
The small number of hotels that do not comply with the rules needs to be addressed, he said.
Ní mór dul i ngleic leis an líon beag tithe ósta nach bhfuil ag cloí leis na rialacha, a dúirt sé.
He pointed out that the introduction of the new rule was not to impose an additional burden on compliant hotels.
Thug sé le fios nach le hualach breise a chur ar thithe ósta atá ag cloí leis na rialacha a tugadh an riail nua isteach.