Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:23 — 1.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y2vbpjdb
“Need to protect Clifden infrastructure from flooding”.
“Gá le bonneagar an Chlocháin a chosaint ar thuilte”.
Senator Seán Kyne said that Clifden in Connemara needs to be inspected to better protect the area’s infrastructure in the wake of yesterday’s floods.
Dúirt an Seanadóir Seán Kyne go gcaithfear iniúchadh a dhéanamh sa Chlochán i gConamara féachaint le bonneagar na háite a chosaint níos fearr i bhfianaise na dtuilte a bhí ann inné.
Early action is needed, he said, but the planning process must be adhered to at the same time.
Caithfear gníomhú go luath, a dúirt sé, ach caithfear cloí leis an bpróiseas pleanála ag an am céanna.
Speaking on RTÉ Raidió na Gaeltachta, Senator Kyne said that the Office of Public Works intends to build a defensive wall between the River Glen and the rear of the houses in the Clifden Valley estate, which were damaged by the floods yesterday.
Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Seanadóir Kyne go bhfuil sé i gceist ag Oifig na nOibreacha Poiblí balla cosanta a thógáil idir Abhainn Ghlinne agus cúl na dtithe in eastát Ghleann an Chlocháin, mar a ndearna an tuile damáiste inné.
An emergency scheme will be made available to people who cannot afford to pay for the damage done to their homes, Sean Kyne said.
Cuirfear scéim éigeandála ar fáil do dhaoine nach bhfuil in acmhainn íoc as an damáiste a rinneadh dá dtithe, a dúirt Seán Kyne.
Minister of State Patrick Donovan, who is in charge of the Office of Public Works, met with people in Clifden last night and again today.
Chas an tAire Stáit Patrick Donovan, a bhfuil cúram Oifig na nOibreacha Poiblí air, le daoine sa Chlochán aréir agus arís inniu.
He also met with County Council executives today.
Bhí cruinniú aige le feidhmeannaigh na Comhairle Contae inniu freisin.
An Cheathrú Rua Fire Brigade commander Edward Ó Sé said houses in the Clifden area had been badly damaged.
Dúirt ceannasaí na Briogáide Dóiteáin ar an gCeathrú Rua Edward Ó Sé go bhfuil roinnt mhaith damáiste déanta do thithe i gceantar an Chlocháin.
People had to go up on the second floor in the worst-hit houses, he said, because there were six feet of water inside them.
Béigean do dhaoine dul suas ar an dara hurlár sna tithe ba mheasa a buaileadh, a dúirt sé, mar go raibh sé troithe uisce istigh iontu.
The situation could be much worse if the bridge or part of the road was swept away in the area, Edward O’Shea said.
Dfhéadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa dá scuabfaí an droichead nó cuid den bhóthar chun bealaigh sa cheantar, a dúirt Edward Ó Sé.