20200901_IRISH_09_13



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y6njguzx

“Restrictions for some time to come”.

“Srianta go ceann tamaill eile fós ar dhaoine teacht le chéile”.

Professor Philip Nolan of the National Public Health Emergency Team said groups of people will still be restricted for some time to come together because of Covid-19 disease.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go mbeidh srianta go ceann tamaill eile fós ar ghrúpaí daoine teacht le chéile mar gheall ar an ngalar covid 19.

Such restrictions are necessary, Professor Nolan said, to protect people in schools and other workplaces.

Tá srianta den sórt sin riachtanach, a dúirt an tOllamh Nolan, le daoine i scoileanna agus in ionaid oibre eile a chosaint.

Speaking on RTÉ, he called on the public to limit the number of people they tear during the winter.

Ag labhairt dó ar RTÉ, diarr sé ar an bpobal teorainn a chur leis an méid daoine a mbíonn cuimilt acu leo i gcaitheamh an gheimhridh.

Business centers in Kildare have been reopening today since the end of the severe lock – in restrictions in the county for more than three weeks.

Tá ionaid ghnó i gCill Dara ag oscailt arís inniu ó cuireadh deireadh tráthnóna inné leis na srianta dianghlasála a bhí i bhfeidhm sa chontae le breis agus trí seachtaine.

The restrictions were imposed in Kildare, Laois and Offaly due to the large number of Covid-19 cases in those areas – most of them in the meat factories.

Cuireadh na srianta i bhfeidhm i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fhailí mar gheall ar an líon mór cásanna covid 19 a bhí sna háiteanna sin – a bhformhór sna monarchana feola.

Two weeks later, the restrictions in Laois and Offaly were lifted but it was decided to leave them in Kildare as the incidence of the disease in that county was still very high.

Coicís ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis na srianta i Laois agus in Uíbh Fhailí ach socraíodh iad a fhágáil i gCill Dara mar go raibh an méid cásanna den ghalar sa chontae sin fós an-ard.

The Department of Health ‘s Chief Medical Officer, Dr Rónán Glynn, said that people who do not wear masks properly may be spreading the coronary virus.

Dúirt Príomhoifigeach Gníomhach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Rónán Glynn, go bhféadfadh daoine nach gcaitheann maisc mar is ceart, go bhféadfaidís a bheith ag scaipeadh an choróinvíris.

Dr. Glynn claimed that some people are leaving the masks below under their chin while others are leaving it under their nose and that is no good there.

Mhaígh an Dr Glynn go bhfuil roinnt daoine ag fágáil na masc thíos faoina smig agus daoine eile á bhfágáil faoina srón agus nach bhfuil aon mhaith ansin.

Leave a Reply