20200822_IRISH_10_09



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yynymyr5

The Overseas King.

An Rí Thar Sáile.

It is not known where he is, the king overseas.

Ní fios cá bhfuil sé, an rí thar sáile.

It is true that King Juan Carlos Alfonso Victor Maria de Borbón y Borbón fled Spain last week, where he himself was not expelled.

Is amhlaidh gur theich an Rí Juan Carlos Alfonso Victor Maria de Borbón y Borbón ón Spáinn an tseachtain seo caite, sa chás is nár cuireadh an díbirt féin air.

But I have! I would walk by the beach at the weekend alone and alone to meet a mermaid or, if I had a hard time, a pretty cow – milking girl.

Ach tá’s agamsa! Bhíos ag siúl cois imeall na trá ag an deireadh seachtaine go huaigneach is mé liom féin ag coinne casadh le maighdean mhara nó, dá mbéarfadh crua orm, cailín deas crúite na bó.

That did not happen, however, but this tall spanner saw men walking with his granddaughter who had his arm around her com.

Níor mhar sin a tharla, áfach, ach go bhfaca an spanlóir ard fir seo ag siúl lena ghariníon a raibh a lámh timpeall ar a com aige.

I would not have given him any particular attention if it had not been for a perfectly polished Lamborghini Venano car with dark windows and a 1492 number plate on our back.

Ní thabharfainn aon suntas faoi leith dó murach go raibh gluaisteán breá snasta Lamborghini Venano a raibh na fuinneoga dorcha agus uimhirphláta 1492 air lenár n-ais.

I thought I had already seen it on the pages of ‘Goodbye’ and ‘Lucre’ magazines, but I couldn’t be sure.

Mheasas go bhfaca cheana é ar leathanaigh na n-irisí ‘Goodbye’ agus ‘Lucre’, ach ní fhéadfainn deimhin a dhéanamh dem dhóigh.

It is more a dignified slender gentleman (other than that suspicion in his eyes) who walks in the early hours of the morning.

Is mó fear uasal caol dínitiúil (seachas an t-amhras sin ina shúile) a ghabhann ag coisíocht i moiche na maidne.

I also wondered how his hand was around the waist of his granddaughter, but that her hand was deeply embedded in his wallet.

B’ait liom, leis, an tslí a raibh a lámh timpeall ar chom na gariníne aige, ach go raibh a lámh sise sáite go domhain ina vallait.

When I felt that the king was on his guard I put together a burbon and a hapsbuggar and thought I might have had a trout, or an octopus, or a shellfish of some sort.

Nuair a d’airigh mé go raibh an rí ar a choimeád chuireas búrbon agus hapsbuggar le chéile agus cheapas go mb’fhéidir go raibh breac agam, nó ochtapas, nó sloigéisc de shaghas éigin.

However, I had to dig deep into the mind looking for a firmer assurance than that.

Mar sin féin, b’éigean dom romhar go domhain san intinn ag lorg dearbhaithe ba dhaingne ná sin.

It is thought of as follows: already the king of León, Aragon, the Two Sicily, Jerusalem, Granada, gap, gap, gap, Corsica, Murcia, the East and West Indies, not to mention the Islands and Mainland of the Great Sea, as well as to be Duke of Austria and Assistant to Flanders, and no doubt Roussillon and Lord of Biscay and Molina.

Smaoinítear mar seo air: cheana féin is é rí León, Aragóint, an Dá Shicil, Iarúiseiléim, Granada, bearna, bearna, bearna, Corsica, Murcia, na nIndiacha Thoir agus Thiar, gan trácht ar Oileáin agus ar Mhórthír na Farraige Móire, maille le bheith ina Ardiúc ar an Ostair agus ina Chúnta ar Fhlóndras, agus gan amhras Roussillon agus ina Thiarna ar an mBioscáin agus ar Mholina.

I say to myself naively, yes, if yes, if they don’t know where it is, who am I to locate it?

Arsa mise liom féin go saonta, sea, má sea, mura bhfuil a fhios acu siúd cá bhfuil sé, cé mise lena mhalairt a shuíomh?

There was only the slightest part, no doubt.

Ní raibh ansin ach an chaolchuid, gan amhras.

Excluding Spain, he has been awarded a wide range of awards by various countries – the Great Star of Honor for Services to the Republic of Austria, the Knight of the Elephant Order of Denmark (I assume he was not in the room at the time), Great Cross with Collar of the Order of the White Lion from the Czech Republic, Knight of the Great Necklace of the Imperial Order of Solomon of Ethiopia, Recipient of the 2,500th Anniversary Commemorative Medal of the Persian Empire, Medal of the Order of Chrysanthemums in Japan, Princess Beatrix of the Netherlands and Claus van Amsberg, Grand Cross with Diamonds Order of the Peruvian Sun, Big Bonnet Military Order of St. James the Sword from Portugal, Knight of the Royal Order of Rajamitrabhorn of Thailand, Grand Cross with Special Class Gold Star Order José Matias Delgado El Salvador, Bailiff Knight Cross with a Necklace of Justice of the Blessed Military Order of St. Constantian of Italy, with doctoral degrees from prestigious universities such as Bologna, Harvard, Paris, Athboy and the Chaim Bridge, not to mention being a Protochánon on the Basilica di Santa Maria Maggiore of the Holy See… and others.

Fág an Spáinn féin as an áireamh, bronnadh fairsinge an domhain de ghradaim air ag tíortha éagsúla – Réalta Mhór Oirneas Onórach ar son Seirbhísí do Phoblacht na hOstaire, Ridire Ord na hEilifinte ón Danmhairg (glacaim leis nach raibh sé sa tseomra ag an am), Cros Mhór le Bóna Ord an Leoin Bháin ó Phoblacht na Seice, Ridire Mhuince Mhór d’Ord Impiriúil Sholaimh ón Aetóip, Faighteoir Bhonn Cuimhneacháin Comóradh 2,500 Bliain Impireacht na Peirse, Bóna Ord an Chriosantamaim sa tSeapáin, Bonn Pósta an Bhanphrionsa Beatrix na hÍsiltíre agus Claus van Amsberg, Cros Mhór le Diamaint Ord na Gréine Pheiriú, Bóna Mór Ord Míleata Shéamais Naofa an Chlaímh ón bPoirtingéil, Ridire Ord Ríoga Rajamitrabhorn na Téalainne, Cros Mhór le Réalta Óir Aicme Speisialta Ord José Matias Delgado El Salvador, Báille Ridire Cros Mhóir le Muince an Chirt d’Ord Míleata Beannaithe Constantiain Sheoirse Naofa ón Iodáil, fara céimeanna dochtúireachta ó ollscoileanna mórcháile ar nós Bologna, Harvard, Paris, Áth na Bó agus an Droichid Chaim, gan trácht ar é a bheith ina Phrótochánóin ar Bhasilica di Santa Maria Maggiore de chuid an tSuí Naofa…agus eile.

He must have been widely known in all these members because of all the duties he was to perform as a result of those tasks.

Ní foláir nó bhí aithne go forleathan air sna baill sin ar fad toisc na dualgais go léir a bhí le comhlíonadh aige de thoradh na gcúraimí sin.

I took care that we did not give him any award, even a Paper Certificate of the Small Slice of the Order of the Potato, and therefore it is probable that he could move with it anonymously for himself abhus here.

Thugas dom aire nár bhronnamar féin aon ghradam air, go fiú Teastas Páipéir de Shlisne Beag Ord an Phráta, agus dá réir sin gur dócha go bhféadfadh sé gluaiseacht leis go hanaithnidúil dó féin abhus anseo.

That’s why I think it must have been on the beach this morning before and no one was taking any of it.

Is chuige sin go gceapaim nach foláir gurbh é a bhí ar an trá an mhaidin cheana agus gan aon duine ag tógaint aon cheann de.

Leave a Reply