20200820_IRISH_08_54



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4oo7sz7

Coastal communities getting subdued.

Pobail cois cósta ag fáil faoi réir don dóstacht.

Met Éireann has issued a red wind notice for Cork and an orange notice for six other coastal counties.

Tá fógra gaoithe dearg do Chorcaigh agus fógra flannbhuí do shé chontae eile cois cósta eisithe ag Met Éireann.

Strong winds will blow tonight in Mayo, Galway, Co. Clare, Limerick, Kerry and Waterford, but it will be strongest in Cork.

Séidfidh gaoth mhór anocht i Maigh Eo, Gaillimh, Co an Chláir, Luimneach, Ciarraí agus Port Láirge, ach is i gCorcaigh is láidre a bheas sí.

There will be heavy and gale force rain and some areas may be flooded.

Beidh báisteach throm agus gailbheacha ann agus dfhéadfadh roinnt áiteanna a bheith faoi uisce.

The storm warning will take effect from 9pm tonight until noon tomorrow.

Beidh feidhm leis an bhfógra stoirme ó 9 a chlog anocht go dtí meánlae amárach.

People, especially in Cork, are being urged to stay indoors during the ordeal.

Táthar ag achainí ar dhaoine, i gCorcaigh go háirithe, fanacht istigh le linn an anfa.

People living in tents and mobile homes are advised to take shelter in buildings.

Moltar do dhaoine atá ag cur fúthu i bpubaill agus i dtithe soghluaiste dul ar foscadh i bhfoirgnimh.

Road closure in Tramore, Co Waterford There is also great concern about the damage caused by the storm.

Bóthar dúnta i dTrá Mhór, Co Phort Láirge Tá an-imní freisin faoin díobháil a dhéanfas an stoirm.

Cork County Council is filling sandbags to add to doors and putting up barriers in areas at risk from flooding.

Tá málaí gainimh á líonadh ag Comhairle Contae Chorcaí le cur le doirse agus tá bacainní leagtha amach in áiteanna atá i mbaol de bharr tuilte.

Pits and drains are being cleared in case of an obstruction.

Tá claiseanna agus draenacha á nglanadh ar fhaitíos go dtiocfadh bacadh iontu.

The Coast Guard has also appealed to the public to be alert to tidal surges on the coast.

Tá achainí déanta ag an nGarda Cósta ar an bpobal freisin a bheith san airdeall ar mhaidhmeanna taoide nuair a bheas siad le cósta.

Met Éireann has also issued a nationwide yellow wind notice.

Tá fógra gaoithe buí don tír ar fad eisithe ag Met Éireann chomh maith.

Strong shots are said to be between 9 o’clock tonight and midnight tomorrow.

Deirtear go mbeidh siotaí láidre ann idir 9 a chlog anocht agus meánoíche amárach.

Meteorologists in the north have also issued a yellow wind signal.

Tá fógra gaoithe buí eisithe ag lucht meitéareolaíochta ó thuaidh freisin.

Leave a Reply