20200729_IRISH_09_44



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y3otysp2

Education Minister reaffirms opening of schools.

Dearbhaithe arís ag an Aire Oideachais go n-osclófar scoileanna.

Education Minister Norma Foley has reaffirmed that the country’s schools will open in full at the end of August in a safe manner.

Tá sé dearbhaithe arís ag an Aire Oideachais, Norma Foley, go n-osclófar scoileanna na tíre ina n-iomláine ag deireadh mhí Lúnasa ar bhealach sabháilte.

And that they remain open.

Agus go bhfanfaidh siad ar oscailt.

Speaking on RTÉ Radio 1 ‘s Morning Ireland radio program this morning, she said that everyone would return to school, as usual, at the end of the summer.

Agus í ag labhairt ar an gclár raidió Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 ar maidin, dúirt sí go bhfillfeadh chuile dhuine ar scoil, mar is gnáth, ag deireadh an tsamhraidh.

But on the same program, Deirdre MacDonald from the Association of Secondary Teachers, ASTI, said that there may not be enough time left to complete the plan, that it may be better if the students return according to their together, in groups.

Ach ar an gclár céanna, dúirt Deirdre MacDonald ó Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, go mbfhéidir nach bhfuil go leor ama fágtha chun an plean a chur i gcrích, go mbfhéidir gurbh fhearr dá dtiocfadh na daltaí ar ais de réir a chéile, i ngrúpaí.

She said schools in September will be completely different places.

Dúirt sí gur áiteanna difriúla ar fad a bheas i scoileanna i mí Mheán Fómhair.

The Taoiseach, Micheál Martin, yesterday confirmed that € 375m euro would be provided to reopen schools.

Dheimhnigh an Taoiseach, Micheál Martin, inné go gcuirfí €375m euro ar fáil chun scoileanna a oscailt arís.

The announcement followed a cabinet meeting at Dublin Castle.

Rinneadh an fógra i ndiaidh cruinniú comhaireachta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.

The Taoiseach stated that PPE equipment and resources would be provided as part of the plan.

Dúirt an Taoiseach go gcuirfí trealamh PPE agus acmhainní ar fáil mar chuid den phlean.

An additional 1,000 teachers will be provided in the country’s post-primary schools.

Cuirfear 1,000 múinteoir breise ar fáil in iarbhunscoileanna na tíre.

Additional guidance counselors, additional supervisory counselors and additional psychologists will be provided.

Cuirfear treoirchomhairleoirí breise, comhairleoirí feitheoireachta breise agus síceolaithe breise ar fáil.

Included in the plan will be € 75 million to ensure the implementation of social segregation in classrooms, Personal Protective equipment and hand hygiene equipment for schools as well as instructions on what to do in the event of a Covid case. -19.

San áireamh sa phlean, cuirfear €75 milliún ar fáil chun a chinntiú go gcuirfear scaradh sóisialta i bhfeidhm i seomraí ranga, trealamh Cosanta Pearsanta agus trealamh do shláinteachas láimhe do scoileanna chomh maith le treoracha maidir le cad ba cheart a dhéanamh má tharlaíonn cás de covid 19.

All the country’s schools, 4,000 schools, have been closed since March 12 due to the coronary virus crisis.

Tá scoileanna uile na tíre, 4,000 scoil, dúnta ón 12ú Márta mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris.

Leave a Reply