20200721_IRISH_10_27



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y3375u7p

Pay tribute to Jack Charlton, his funeral today.

Ómós a thaispeáint do Jack Charlton, a shocraid inniu.

Farewell to Jack Charlton, one of the country’s great soccer heroes today.

Fágfar slán le Jack Charlton, duine de laochra móra sacair na tíre inniu.

Restrictions will apply to the number of people allowed to attend the funeral service at the crematorium in Newcastle, England.

Beidh srianta i bhfeidhm maidir leis an líon daoine a mbeidh cead acu freastal ar an tseirbhís shochraide sa chréamatóiriam in Newcastle, Sasana.

Charlton died on July 11th.

Bhásaigh Charlton ar an 11 Iúil.

He was manager of the Republic of Ireland team, played for England ‘s World Cup winning team in 1966 and spent years as a backfielder for Leeds United.

Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, dimir sé ar fhoireann buacach Shasana i gCorn an Domhain in 1966 agus chaith sé blianta ina chúlaí le Leeds United.

Jack Charlton was manager of the All-Ireland soccer team for a decade between 1986-96, when Ireland qualified twice for the World Cup and once for the European Championship.

Bhí Jack Charlton deich mbliana ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann idir 1986-96, tráth ar cháiligh Éireann do Chorn an Domhain faoi dhó agus do chraobh na hEorpa uair amháin.

His management of the golden age of soccer in Ireland is recognized.

Aithnítear a thréimse bainistíochta ar thréimhse órga an tsacair in Éirinn.

The team first qualified for the World Cup in 1990 and again in 1994.

Cháiligh an fhoireann do Chorn an Domhain den chéad uair in 1990 agus arís eile in 1994.

Jack Charlton led the international team, at a time when Ireland won his home country at the European Championships in 1988, when Ireland beat Romania at the World Cup in Italy in 1990 – a victory that the team has achieved so far. the quarter – finals and a time when Ireland won against Italy at the 1994 World Cup in the United States.

Bhí Jack Charlton i gceannas an fhoireann idirnáisiúnta, tráth: ar bhuaigh Éire ar a thír féin ag Craobhchomórtas na hEorpa in 1988, tráth ar bhuaigh Éire in aghaidh na Romáine ag Corn an Domhain san Iodáil in 1990 – bua a thug an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais agus tráth ar bhuaigh Éire in aghaidh na hIodáile ag Corn an Domháin sna Stáit Aontaithe in 1994.

Charlton was awarded honorary Irish citizenship, as well as the Freedom of the City of Dublin in 1994.

Bronnadh saoránacht oinigh na hÉireann ar Charlton, chomh maith le Saoirse na Cathrach Bhaile Átha Cliath in 1994.

20,000 people have signed an online condolence book.

Tá leabhar chomhbhróin ar líne sínithe ag 20,000 duine.

Jack Charlton was 85 years old.

Bhí Jack Charlton 85 bliain daois.

At 12.30pm today, people in Ballina, Mayo are to gather to pay homage to him where he used to fish on the Moy.

Ag 12.30pm inniu, tá daoine i mBéal an Átha, Maigh Eo le bailiú le hómós a thabhairt dó ag an áit arbh gháth leis iascaireacht ar an Mhuaigh.

In Dublin, Walkinstown roundabout has people gathering to celebrate his life.

I mBaile Átha Cliath, tá daoine le báiliú ag timpeallán Bhaile Bhailcín lena shaol a cheiliúradh.

The Irish Soccer Association has asked the country’s radio stations to play the Italia ’90 anthem ‘Put’ Em Under Pressure ‘at 12.30pm in honor of Jack Charlton.

Tá iarrtha ag Cumann Sacair na hÉireann ar staisiúin raidió na tíre an t-aintiún ó Italia ’90 Put Em Under Pressure’ a chasadh ag 12.30pm in omós do Jack Charlton.

Leave a Reply