20200716_IRISH_12_56



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y8j8mhjj

New evidence of large temples in Navan.

Fianaise nua faoi theampaill mhóra in Eamhain Mhacha.

Archaeologists from Queen’s University Belfast and the University of Aberdeen have found new evidence of significant Iron Age and Medieval remains in Navan.

Tá fianaise nua faoi iarsmaí suntasacha ón Iarannaois agus ón Meánaois aimsithe in Eamhain Mhacha ag seandálaithe ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus Ollscoil Obar Dheathain.

Their survey work suggests that there was a large temple site on the site in the Iron Age and that there were royal residences in the Middle Ages.

Tugann an obair shuirbhéireachta a rinne siad le fios go raibh láthair mhór teampall ar an suíomh san Iarannaois agus go raibh árais chónaithe ríoga ann sa Mheánaois.

According to Gaelic legend, Navan was the capital of Ulster and is often mentioned in the Rúraíocht.

De réir sheanchas na nGael, príomhchathair Uladh ab ea Eamhain Mhacha a luaitear go minic sa Rúraíocht.

It is said that King Conor Mac Neasa had three houses there.

Deirtear go raibh trí theach ag an rí Conchúr Mac Neasa ann.

It was also where Conor’s nephew – the great-grandson of Sédanda (Cú Chulainn) – also played goal.

Is ann a bhíodh mac deirféar Chonchúir – an macaomh laoich Sédanda (Cú Chulainn) – ag bualadh báire freisin.

Navan is described in the Leinster Book Image from the survey work on Navan Dr Patrick Gleeson from Queen ‘s University said that he now considers some of the remains originally discovered in the 1960s to be large temples.

Tá cur síos ar Eamhain Mhacha i Leabhar Laighneach Íomhá ón obair shuirbhéireachta ar Eamhain Mhacha Dúirt an Dr Patrick Gleeson ó Ollscoil na Ríona go measann sé anois gur teampaill mhóra a bhí i gcuid na hiarsmaí a aimsíodh i dtosach sna 1960í.

It was thought at the time that they may have been residences.

Ceapadh ag an am go mbfhéidir gur árais chónaithe a bhí iontu.

Dr Gleeson also thinks that some of the buildings found by archaeologists were associated with the house built by Niall Óg Ó Néill for Irish poets in 1387.

Ceapann an Dr Gleeson freisin go raibh baint ag cuid de na foirgnimh atá aimsithe ag na seandálaithe leis an teach a thóg Niall Óg Ó Néill dfhilí na hÉireann sa bhliain 1387.

Significantly, he said, the evidence suggests that there were active people in Navan after the arrival of Christianity in Ireland, despite the Annals stating that the site was abandoned in 331.

Is suntasach, a dúirt sé, go dtugann an fhianaise le fios go raibh daoine gníomhach in Eamhain Mhacha tar éis theacht na Críostaíochta go hÉirinn, ainneoin go ndeirtear sna hAnnála gur tréigeadh an suíomh sa bhliain 331.

Leave a Reply