20200713_IRISH_17_08



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/ycyuqlou

An increase in drug driving in Donegal.

Ardú ar thiomáint faoi thionchar dhrugaí i Dún na nGall.

The first six months of this year have seen a significant increase in the number of people arrested in Donegal while driving under the influence of drugs, according to figures released by An Garda Síochána.

Tá ardú suntasach tagtha sa chéad sé mhí den bhliain seo, ar líon na ndaoine a gabhadh i nDún na nGall agus iad ag tiomáint faoi thionchar dhrugaí,de réir figiúirí atá eisithe ag an Gharda Síochána.

130 people were arrested in Donegal until the end of June this year compared to 57 in the same period last year.

130 duine a gabhadh i nDún na nGall go deireadh an Mheithimh i mbliana i gcomparáid le 57 sa tréimhse chéanna anuraidh.

In one week in April this year Gardaí arrested 9 for driving while under the influence of drugs in the county.

I seachtain amháin i mí Aibreán i mbliana ghaibh Gardaí 9 as a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí sa chontae.

Gardaí say a person who is convicted of driving while under the influence of drugs is liable to a driving ban of at least a year and a fine of up to € 5000.

Deir Gardaí gur cosc tiomána bliana ar a laghad agus fíneáil suas le €5000 an pionós is féidir a ghearradh ar dhuine a chiontaítear as tiomáint faoi thionchar dhrugaí .

Meanwhile, Gardaí in the Milford Garda region have reported that they arrested 4 over the weekend for drink or drug driving.

Idir an dá linn, tá sé tugtha le fios ag Gardaí i réigiún Gardaí Bhaile na nGallóglach gur ghaibh siad 4 thar an deireadh seachtaine de bharr iad a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó faoi thionchar dhrugaí.

They indicated that they will continue their checkpoint units and again implored the public never to drive under the influence of drugs or alcohol.

Thug siad le fios go mbeidh siad ag leanúint dá gcuid aonad seiceála agus dimpigh siad arís ar an phobal gan tiomáint choíche faoi thionchar drugaí nó alcól.

Leave a Reply