20200704_IRISH_14_41



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y9jztucb

‘Executive damages at funeral controversy’-Arlene Foster.

Damáiste sa bhFeidhmeannas ag conspóid sochraide-Arlene Foster.

First Minister of the North, Arlene Foster, said the controversy at the Bobby Storey funeral in Belfast last Tuesday has severely damaged the relationship in the Stormont Executive.

Dúirt Céad Aire an Tuaiscirt,Arlene Foster go bhfuil damáiste mhór déanta den chaidreamh i bhFeidhmeannas Stormont a bhuíochas den chonspóid atá tarraingt ag sochraid Bobby Storey i mBéal Feirste Dé Máirt seo caite.

The PSNI is investigating an alleged breach of public health provisions relating to Covid-19 at the event.

Tá fiosrúchán ar bun ag an PSNI maidir le líomhaintí gur sáraíodh forálacha sláinte poiblí bainteach le covid 19 ag an ócáid.

Accordingly, Arlene Foster is calling for Sinn Féin Vice President Michelle O’Neill to stand aside while the inquiry is underway.

Dá réir, tá Arlene Foster ag iarraidh go seasfadh Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle ONeill go leataobh fad is atá an fiosrúchán ar bun.

Arlene Foster expressing her dissatisfaction with the controversy Michelle O’Neill attended the funeral, along with Sinn Féin President Mary Lou McDonald.

Arlene Foster ag léiriú a míshástachta faoin gconspóid Bhí Michelle ONeill i láthair ag an tsochraid, i dteannta Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Earlier Michelle O’Neill said in a statement that she would not attend the funeral if Covid-19 regulations prevented her from doing so.

Níos túisce dúirt Michelle ONeill i ráiteas nach bhfreastalódh sí ar an tsochraid dá gcoscfadh rialacháin covid 19 sin a dhéanamh.

She said that she had listened carefully to the voices of those who had lost loved ones during this health crisis, and regretted if she had hurt them in any way.

Dúirt sí gur éist sí go cúramach le glórtha na ndaoine a chaill gaolta le linn na géarchéime sláinte seo, agus go raibh aiféala uirthi má ghoill sí ar aon bhealach orthu.

However, Arlene Foster said this evening that Michael O’Neill’s statement was inadequate, that she had breached public health provisions and should stand aside.

Dúirt Arlene Foster tráthnóna áfach nach leor an ráiteas ó Mhichelle ONeill, go raibh forálacha maidir le sláinte phoiblí sáraithe aici agus gur chóir di seasamh go leataobh.

Michelle O’Neill has said that she is not going to do that.

Tá sé ráite ag Michelle ONeill nach bhfuil sí chun sin a dhéanamh.

Sinn Féin President Mary Lou McDonald also spoke about the controversy today.

Labhair Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald freisin faoin gconspóid inniu.

She said she realized people were shocked by the images of large crowds at Bobby Storey’s funeral.

Dúirt sise gur thuig sí do dhaoine má ghoill íomhánna de shluaite móra ag sochraid Bobby Storey orthu.

She was speaking on the radio station Newstalk FM.

Bhí sí ag labhairt ar an stáisiún raidió Newstalk FM.

Crowds at the funeral last Tuesday Michelle O’Neill at the funeral of Bobby Storey, Mary Lou McDonald in the background Mary Lou McDonald and MIchelle O’Neill said they had complied with health provisions regarding Covid-19 at the funeral.

Na sluaite ag an tsochraid ar an Mháirt seo caite Michelle ONeill ag sochraid Bobby Storey, Mary Lou McDonald sa chúlra Dúírt Mary Lou McDonald agus MIchelle ONeill gur chloígh siad le forálacha sláinte maidir le covid 19 ag an tsochraid.

Leave a Reply