20200805_IRISH_09_32



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y66axp5s

Big disappointment for rural pubs and sports people.

Díomá mór do thábhairneoirí tuaithe agus lucht spóirt.

The Taoiseach has announced after the last few minutes of the Government meeting that there is no change to the restrictions in place, which have kept pubs closed for almost 5 months.

Tá sé fógartha ag an Taoiseach tar éis chruinniú an Rialtais le cúpla nóiméad anuas nach bhfuil aon athrú le déanamh ar na srianta atá i bhfeidhm, laincisí atá tar éis tithe tábhairne a choinneál dúnta le beagnach 5 mhí.

Micheál Martin said the next review will be in 3 weeks.

Faoi cheann 3 seachtaine a dhéanfar an chéad athbhreithniú eile a dúirt Micheál Martin.

It was hoped that Phase 4 of the easing of restrictions would be implemented today but Micheál Martin said that this could not be done on medical advice and in light of the sharp rise in the rate at which the coronary virus is spreading.

Bhí súil gur inniu a chuirfí Céim a 4 de mhaolú na srianta i bhfeidhm ach dúirt Micheál Martin nach féidir é sin a dhéanamh ar chomhairle leighis agus i bhfianais an ardú mór atá ag teacht ar an ráta ag a bhfuil an víreas corónach ag scaipeadh.

3,500 pubs that do not provide food, – most of them out in the country, – have been in dire straits since March.

Tá 3,500 teach tábhairne nach gcuireann bia ar fáil, – a bhformhór amuigh faoin tír, – ar an bhfaraor géar ó mhí an Mhárta.

The restriction on gathering is unchanged.

Níl aon athrú ach an oiread ar an srian atá ar dhaoine bailiú le chéile.

It will remain the same, – a maximum of 50 indoor allowed and a maximum of 200 outdoors.

Fanfaidh sé mar atá, – 50 duasmhéid ceadaithe faoi dhíon agus 200 ar a mhéid amuigh faoin aer.

Fans of Gaelic games and other sports were expecting an increase in the number of spectators attending the games today.

Bhí súil ag lucht leanúna cluichí gaelacha agus spóirt eile go raibh méadú le ceadú inniu ar an lucht féachana a théann ag na cluichí.

The Tánaiste said the Public Health Emergency Working Group (NPHET) was urging the Government to be careful about easing restrictions as the number of new Covid cases has tripled in a week.

Dúirt an Tánaiste go raibh an Meitheal Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET) ag moladh don Rialtas a bheith cáiréiseach faoi shrianta a mhaolú mar go bhfuil líon na gcásanna nua Covid tar éis méadú faoi thrí le seachtain.

Leo Varadkar said the current plan to reopen the schools by the end of the month could not be jeopardized.

Dúirt Leo Varadkar nach bhféadfaí an phlean atá ann leis na scoileanna a athoscailt faoi dheireadh na míosa a chur i mbaol.

Another highlight is that the Green List has changed.

Díol eile suntais go bhfuil athrú déanta ar an Liosta Glas.

A fortnight of quarantine will no longer be required after travel to or from the following countries: Malta, Cyprus, San Marino, Gibraltar and Monaco.

Feasta ní bheidh gá coicís de choraintín a dhéanamh tar éis taisteal go dtí, nó as, na tíortha seo a leanas: Málta, An Chipir, San Mairíne, Giobráltar agus Monacó.

Another change announced, that from next Monday, August 10th, it will be mandatory to wear a protective mask in all stores.

Athrú eile atá fógartha, go mbeidh sé éigeantach ón Luan seo chugainn, an 10ú Lúnasa, masc cosanta a chaitheamh i ngach siopa.

Leave a Reply