20200702_IRISH_09_12



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/yawsqo62

Dara Calleary is Minister of State for the Gaeltacht and Sport.

Dara Calleary ina Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt.

The Government’s Chief Whip, Fianna Fáil’s deputy leader Dara Calleary, was appointed Minister of State for the Gaeltacht and Sport last night.

Ceapadh Príomh-Aoire an Rialtais, leascheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, ina Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt aréir.

Dara Calleary, Mayo TD, expressed his dissatisfaction that the Taoiseach Michael Martin had not given him a senior ministry in the new coalition.

Bhí a mhíshástacht curtha in iúl ag Dara Calleary, Teachta Dála Mhaigh Eo, nár thug an Taoiseach Micheál Martin aireacht shinsearach sa chomhrialtas nua dó.

Dara Calleary will be working with Catherine Martin, deputy leader of the Green Party, who is the Minister for Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht.

Beidh Dara Calleary ag obair i gcomhar le Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, arb í an tAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta í.

Dara Calleary and Catherine Martin are fluent Irish speakers, both of whom have spoken frequently in the Dáil and elsewhere on Irish and Gaeltacht issues.

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad Dara Calleary agus Catherine Martin, agus labhair an bheirt acu go minic cheana sa Dáil agus in áiteanna eile ar cheisteanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Politicians and community representatives alike had expressed dissatisfaction that no TD had been assigned a senior ministry located in any of seven counties west of the Shannon.

Bhí míshástacht léirithe freisin ag polaiteoirí agus ionadaithe pobail araon nár tugadh aireacht shinsearach daon Teachta Dála atá lonnaithe in aon cheann de sheacht gcontae taobh thiar den tSionainn.

In addition to Dara Calleary, five others from the west of the country were appointed Ministers of State last night.

Chomh maith le Dara Calleary, ceapadh cúigear eile ó iarthar na tíre in nAirí Stáit aréir.

They are: – Charlie McConalogue, Fianna Fáil, Donegal, Department of Justice – Frank Feighan, Fine Gael, Sligo-Leitrim, Department of Health – Anne Rabbitte, Fianna Fáil, East Galway, Department of Children – Niall Collins, Fianna Fáil, County Limerick, Department of Higher Education – Patrick O’Donovan, Fine Gael, Limerick, Department of Public Expenditure and Reform.

Sin iad: – Charlie McConalogue, Fianna Fáil, Dún na nGall, an Roinn Dlí agus Cirt – Frank Feighan, Fine Gael, Sligeach-Liatroim, an Roinn Sláinte – Anne Rabbitte, Fianna Fáil, Gaillimh Thoir, an Roinn Leanaí – Niall Collins, Fianna Fáil, Contae Luimnigh, an Roinn Ardoideachais – Patrick ODonovan, Fine Gael, Luimneach, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

On the weekend, Hildegarde Naughton, Fine Gael, Galway West, was appointed Minister of State in the Department of Climate Action and Transport.

Ar an deireadh seachtaine, ceapadh Hildegarde Naughton, Fine Gael, Gaillimh Thiar, ina hAire Stáit sa Roinn Gníomhaithe Aeráide agus Iompair.

Leave a Reply