20231113_IRISH_sos_earcaiochta_ffs_le_leathnu_amach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yoymtft9

Contact: irishlingos@gmail.com

FFS recruitment break to expand.

Sos earcaíochta FFS le leathnú amach.

The Health Service Executive is to extend the recruitment freeze they announced last month to all types of workers, except medical consultants, trainee doctors and nurses and midwives who qualified in 2023.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an sos earcaíochta a d’fhógair siad an mhí seo caite a leathnú amach do gach saghas oibrí, seachas comhairleoirí leighis, dochtúirí faoi oiliúint agus altraí agus mná cabhrach a bhain a gcáilíocht amach i 2023.

Last month FFS announced that they would be putting a temporary pause on the recruitment of managers, administrators, domestic helpers and trainee doctors.

An mhí seo caite d’fhógair FFS go gcuirfídís sos sealadach i bhfeidhm ar earcú bainisteoirí, riarthóirí, cúntóirí baile agus dochtúirí faoi oiliúint.

There will be exemptions in specific areas, however, the memo said, especially in the case of services aimed at people with disabilities.

Beidh díolúintí i gceist i réimsí ar leith, áfach, a dúradh sa mheamram, go háirithe i gcás seirbhísí atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas.

However, Bernard Gloster indicated that it would be a temporary break and recruitment would resume in 2024.

Thug Bernard Gloster le fios, áfach, gur sos sealadach a bheadh ann agus go rachfaí i mbun earcaíochta arís i 2024.

Leave a Reply