20230516_IRISH_600_post_nua_teicneolaiochta_geallta_i_luimneach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e6bc4bo

Contact: irishlingos@gmail.com

600 new technology jobs promised in Limerick.

600 post nua teicneolaíochta geallta i Luimneach.

Analog Devices, one of the country’s largest technology companies, has announced a €630 million investment plan for a new research and development center at their Limerick site.

Tá Analog Devices, ceann de na cuideachtaí teicneolaíochta is mó sa tír, tar éis plean infheistíochta luach €630 milliún a fhógairt d’ionad nua taighde agus forbartha ar an suíomh atá acu i Luimneach.

It is estimated that 600 new jobs will be created.

Meastar go gcruthófar 600 post úr.

1,500 are currently employed in the place.

1,500 atá fostaithe faoi láthair san áit.

Analog Devices has been in business in Raythean on the edge of the city for almost 50 years and is one of the largest semiconductor companies in the world.

Tá Analog Devices i mbun gnó sa Raithean ar chiumhais na cathrach le beagnach 50 bliain agus tá siad ar cheann de na cuideachtaí leathsheoltóra is mó ar domhan.

They undertake research and development of integrated circuits for use in most electronic apparatus and electrical equipment.

Tugann siad faoi thaighde agus forbairt ciorcaid chomhtháite le cur i bhfearas i mórchuid gaireas leictreonach agus treallamh leictreach.

Their European headquarters are in Limerick and it is there that they are innovating on technology and software to speed up the digital transition in the industrial and health sector and in other sectors.

I Luimneach atá a gceanncheathrú Eorpach agus is ann a bhíonn siad i mbun nuálaíochta ar theicneolaíocht agus bogearraí le dlús a chur faoin aistriú digiteach san earnáil tionsclaíoch agus sláinte agus in earnálacha eile.

They plan to build a new research and production center which will be 40,000ft².

Tá sé beartaithe acu ionad nua taighde agus táirgíochta a thógáil a bheidh 40,000tr².

Taoiseach Leo Varadkar has welcomed the announcement and the “600 high-level jobs for graduates” and is due to visit the site today.

Tá an Taoiseach Leo Varadkar tar éis fáilte mhór a chur roimh an bhfógra agus faoin “600 post ardleibhéil do chéimithe” agus tá sé le ghabháil ar cuairt ar an suíomh inniu.

Leave a Reply