Podcast: Play in new window | Download (Duration: 5:05 — 1.2MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2am3xjua
Contact: irishlingos@gmail.com
Tensions in talks about carbon pollution.
Teannas sna cainteanna faoi thruailliú carbóin.
There is said to be some tension between the Coalition parties over how best to reduce carbon emissions.
Deirtear go bhfuil roinnt teannais idir páirtithe an Chomhrialtais maidir leis an mbealach is fearr le hastuithe carbóin a laghdú.
There is no certainty according to reports that an agreement will be reached by next week.
Níl aon chinnteacht ann de réir tuairiscí go dtiocfar ar chomhaontú faoin tseachtain seo chugainn.
The next Government meeting will be this coming Wednesday.
Is ar an gCéadaoin seo ag teacht a bheidh an chéad chruinniú Rialtais eile.
However, it is now thought to be a 50/50 chance that there will be a settlement by then.
Ceaptar áfach gur seans 50/50 anois é go mbeidh socrú ann faoin tráth sin.
Under the Government’s Climate Plan published last year it was said that farmers would have to reduce their emissions by 22-30% in the coming years.
Faoi Phlean Aeráide an Rialtais a foilsíodh anuraidh dúradh go gcaithfeadh feirmeoirí a gcuid astuithe a laghdú idir 22-30 faoin gcéad sna blianta atá romhainn.
The Green Alliance wants the target to be reached closer to 30%.
Teastaíonn ón gComhaontas Glas gur gaire do 30 faoin gcéad an sprioc a bhainfí amach.
The Minister for Agriculture, Charlie McConalogue from the Fianna Fáil party is happy with a lower target.
Tá an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue ó pháirtí Fhianna Fáil sásta le sprioc níos ísle.