20210721_IRISH_eire_sleabhctha_ag_brothall_thar_mean



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzlvf5tb

Ireland slipped by broth over average.

Éire sleabhctha ag brothall thar meán.

Met Éireann has issued an orange weather status warning for temperatures to be as high as 30 degrees today in parts of six midland counties.

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe ag Met Éireann agus an teocht le bheith chomh hard le 30 céim inniu in áiteanna i sé chontae i lár tíre.

These are Cavan, Monaghan, Leitrim, Roscommon, Longford and Westmeath.

Sin iad an Cabhán, Muineachán, Liatrom, Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí.

Yellow notice has been given for the rest of the country, where the maximum temperature will be between 25 and 29 degrees.

Fógra buí atá tugtha don chuid eile den tír, mar a mbeidh an teocht is airde idir 25 agus 29 céim.

Surprisingly, heavy rainfall could fall during the day in the midlands and west.

Dá iontaí é, d’fhéadfadh frasa troma fearthainne titim amach sa lá i lár tíre agus san iarthar.

In addition to the extreme heat of the day, there will always be merion at dusk and at night.

Chomh maith leis an teas mór i mbolg an lae, beidh meirfean i gcónaí ann tráth an chlapsholais agus i gcoim na hoíche.

In fact, the temperature will not drop below fourteen degrees – seventeen degrees in places – during the night.

Go deimhin, ní thitfidh an teocht faoi bhun ceithre chéim déág – seacht gcéim déag in áiteanna – i gcaitheamh na hoíche.

The yellow weather warning will apply until 9 o’clock on Friday morning.

Beidh feidhm leis an bhfógra buí aimsire go dtí 9 a chlog ar maidin Dé hAoine.

The highest temperature will again be between 26 and 30 degrees tomorrow and Thursday, fifteen degrees at night.

Idir 26 agus 30 céim a bheas an teocht is airde arís amárach agus Déardaoin, cúig chéim déag istoíche.

Although there will be both a shower and a flash on Friday, it will still be a stagnant dead.

Cé go mbeidh idir chith agus ghealán ann Dé hAoine, beidh sé meirbh marbhánta go fóill.

People are being asked to put on sunscreen, keep an eye out for vulnerable people who may fall into weakness, be careful while swimming and indeed conserve water.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine ungadh gréine a chur orthu féin, súil a choinneáil ar dhaoine leochaileacha a d’fhéadfaidh titim i laige, a bheith cúramach agus iad ag snámh agus go deimhin uisce a chaomhnú.

Leave a Reply