Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:09 — 739.7KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y7lqyxwy
Irish is the most popular language for Duolingo in Ireland.
An Ghaeilge ar an teanga is mó éilimh ar Duolingo in Éirinn.
Irish is the most popular language for language learners in Ireland, according to new information from the Duolingo app.
Is í an Ghaeilge an teanga is mó éilimh ag lucht foghlamtha teangacha in Éirinn, de réir eolais nua ón aip Duolingo.
Duolingo says that over a million people learn Irish on the app every week.
Deir Duolingo go bhfuil breis s milliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar an aip gach seachtain.
The Duolingo app has been downloaded by 500 million people worldwide.
Tá íoslódáil déanta ar aip Duolingo ag 500 milliún duine ar fud an domhain.
The Irish language is the 16th most popular in the world for English speakers.
Is í an Ghaeilge an 16ú is mó ar domhain a bhfuil Béarlóirí ag cur spéise inti.
Teacher Noah Higgs said that the diaspora is very interested in the language, not just those in Ireland.
Dúirt an múinteoir Noah Higgs go bhfuil an-spéis curtha ag an diaspóra sa teanga, ní amháin iad siúd atá in Éirinn.
He said that the pandemic has given people who intended to learn Irish the opportunity to learn the language again.
Dúirt sé go bhfuil an phaindéim tar éis deis a thabhairt do dhaoine a raibh sé i gceist acu an Ghaeilge a fhoghlaim arís tabhairt faoin teanga.
“The success of the efforts depends on the person’s language skills, the time set aside and the hard work put into it,” Noah Higgs said.
“Braitheann rath na n-iarrachtaí ar scileanna teanga an duine, ar an am a chuirtear i leataobh agus ar an dua a chaitear léi,” a dúirt Noah Higgs.