Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:03 — 716.8KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxhgfjg5
Restaurants, coffee shops and some pubs open again.
Bialanna, siopaí caife agus roinnt tithe tábhairne oscailte arís.
Restaurants, coffee shops and some pubs that prepare food are reopening today and further Covid-19 restrictions have been eased.
Tá bialanna, siopaí caife agus roinnt tithe tábhairne a ullmhaíonn bia ag oscailt arís inniu agus maolú déanta ar a thuilleadh srianta covid 19.
People will be able to eat inside and out.
Beidh daoine in ann ithe taobh istigh agus taobh amuigh.
A maximum of six will be allowed to sit at a table.
Beidh cead ag seisear ar a mhéid suí ag bord.
All customers must order a meal worth at least € 9.
Caithfidh gach custaiméir béile luach €9 ar laghad a ordú.
Those meals need to be prepared inside.
Caithfear na béilí sin a ullmhú taobh istigh.
All customers must leave the site by 11.30pm.
Caithfidh gach custaiméir a bheith imithe ón láthair faoi 11.30 is doíche.
Pubs that do not prepare food will remain closed but those pubs will be allowed to set up a delivery and delivery service.
Fanfaidh tithe tábhairne nach n-ullmhaíonn bia dúnta ach beidh cead ag na tithe tábhairne sin seirbhís seachadta agus seirbhís chun breith leat a bhunú.
The Restaurant Association of Ireland is urging business owners reopening today to adhere to the public health guidelines in the coming weeks as they go back to trading.
Tá Cumann Bialann na hÉireann ag impí ar úinéirí na ngnónanna atá ag oscailt arís inniu cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí sna seachtainí atá le teacht agus iad ag dul i mbun trádála arís.