Podcast: Play in new window | Download (Duration: 6:46 — 1.6MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y3u9fe2f
Unrest in America, no President yet elected.
Corrabhuais i Meiriceá, gan Uachtarán tofa fós.
Votes are still being counted in the U.S. presidential election but Joe Biden’s supporters are more optimistic in the light of the latest results that he will be the winner.
Tá vótaí á gcomhaireamh i gcónaí i dtoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe ach tá níos mó dóchais ag lucht Joe Biden i bhfianaise na dtorthaí is deireanaí gur leis a bheas an báire.
Joe Biden currently owns 243 of the electoral colleges, Donald Trump owns 214.
243 de na coláistí toghcháin atá ag Joe Biden faoi láthair, 214 atá ag Donald Trump.
The winner of 270 colleges will win.
Is ag an té a gheobhas 270 coláste a bheas an bua.
The results of five states are yet to be announced – Georgia, Nevada, North Carolina, Pennsylvania and Wisconsin.
Tá torthaí cúig stát fós le fógairt go fóill – Georgia, Nevada, North Carolina, Pennsylvania agus Wisconsin.
Joe Biden must win at least two of them before he can go live in the White House.
Ní mór do Joe Biden dhá cheann acu ar a laghad a bhuachan sular féidir leis dul a chónaí sa Teach Bán.
Donald Trump must bring at least four of them.
Caithfidh Donald Trump ceithre cinn acu ar a laghad a thabhairt leis.
Biden fans revealed this afternoon that they believe they will take Nevada, Pennsylvania and Wisconsin with them.
Thug lucht leanúna Biden le fios tráthnóna go gcreideann siad go mbéarfaidh siad leo Nevada, Pennsylvania agus Wisconsin.
The White House: as it were or a new sponsor?
An Teach Bán: mar a bhí nó ceann urra nua?
Earlier today, Donald Trump claimed a resounding victory.
Níos túisce inniu, mhaígh Donald Trump gur bhuaigh sé go rábach.
In a later statement, however, he said Democrats would not be allowed to “steal the election.”
I ráiteas eile ina dhiaidh sin, ámh, dúirt sé nach gceadófaí do na Daonlathaithe an toghchán “a ghoid.”
Trump later reiterated that it was a “major fraud.”
Mhaígh Trump ina dhiaidh sin arís gur “calaois mhó.”
on the American public was in the election and said he intends to take the matter to the country ‘s Supreme Court.
ar phobal Mheiriceá a bhí sa toghchán agus dúirt go bhfuil rún aige an scéal a chur faoi bhráid Chúirt Uachtarach na tíre.
Biden’s supporters said Trump’s threat to veto the election result is “unspeakable.”
Dúirt lucht Biden go bhfuil bagairt Trump toradh an toghcháin a chrosadh “ainspiant.”
and “such a thing has not already happened.”
agus “nár tharla a leithéid cheana.”
With so many postal votes still to be counted, it seems that there will not be a final result for several days.
De bharr go bhfuil anmhórán vótaí poist le comhaireamh i gcónaí, dealraíonn sé nach mbeidh toradh deireanach ann go ceann roinnt laethanta.
The outcome may still be confirmed in the Supreme Court.
Dfhéadfadh sé fós gur sa Chúirt Uachtarach a dhearbhófar an toradh.
The result of the election depends on postal votes The postal votes are arguably Donald Trump’s plea.
Toradh an toghcháin ag brath ar vótaí poist Na vótaí poist údar pléide Donald Trump, de réir dealraimh.
According to him they are the cause of the “fraud.”
Dar leis gurb iad faoi deara na “calaoise.”
However, election experts say that fraud is extremely rare and that the postal voting system is well established in America.
Deir saineolaithe toghchánaíochta, áfach, gur fíorannamh a bhíonn calaois ann agus go bhfuil an córas vótála poist seanbhunaithe i Meiriceá.
Speaking on RTÉ, NUI Galway ‘s law lecturer – Larry Donnelly – said that Joe Biden seems to be the winner, but that he is very little between Donald Trump.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt leachtóir dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh – Larry Donnelly – gur cosúil gur Joe Biden a bhéarfas an chraobh leis ach gur fíorbheagán a bheas idir é agus Donald Trump.
In the next election, Democrats are likely to have a majority again in the House of Representatives and Republicans will retain control of the Senate.
Sna toghcháin eile, is cosúil go mbeidh móramh arís ag na Daonlathaithe i dTeach na nIonadaithe agus go gcoinneoidh na Poblachtaigh smacht ar an Seanad.