Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:06 — 962.8KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y5v2nzdc
Discussion on imposing fines for breach of restrictions.
Plé á dhéanamh ar fhíneálacha a ghearradh as srianta a shárú.
The cabinet subcommittee on Covid 19 will meet today to discuss the introduction of a system of fines to effectively enforce restrictions.
Beidh an fochoiste comhaireachta ar Covid 19 ag bualadh lena chéile inniu chun plé a dhéanamh ar chóras fíneálacha a thabhairt isteach chun srianta a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
At present, the Garda Síochána does not have the powers to punish the public for breaching restrictions.
Faoi láthair, níl na cumhachtaí ag an nGarda Síochána píonóis a ghearradh ar an bpobal as srianta a shárú.
The National Public Health Emergency Teams (NPHET) wrote a letter to the government last night, in which they expressed their continued deep concern about the ever-increasing number of cases of Covid 19, they said.
Scríobh an Fhoireanna Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) litir chuig an rialtas aréir, inar chuir siad in iúl go raibh siad fós ana-bhuartha faoi líon na gcásanna de Covid 19, atá ag dul i méid i gcónaí, a dúirt siad.
NPHET met yesterday, but did not recommend additional restrictions after that meeting.
Bhuail NPHET lena chéile inné, ach níor mhol siad srianta sa bhreis i ndiaidh an chruinnithe sin.
Dr Colm Henry of the Health Service Executive said today that, by now, we have only one small opportunity to control the spread of Covid 19.
Dúirt an Dochtúir Colm Henry ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu gur faoin tráth seo, nach bhfuil ach deis bheag amháin againn chun smacht a fháil ar scaipeadh Covid 19.
He said funding is available for intensive care beds, but that there needs to be a lot of trained experts in charge.
Dúírt sé go bhfuil maoiniú ar fáil go leapacha dianchúraim, ach gur gá go leor saineolaithe oilte a bheith ann ina mbun.
The system has a total of 256 beds, he said.
256 leaba atá sa gcóras in iomlán, a dúirt sé.
Yesterday, 506 new cases of Covid 19 and one other death were confirmed.
Inné, deimhníodh 506 cás nua de Covid 19 agus bás amháin eile.
In total, 40,086 cases have been confirmed in this country since the beginning of the pandemic and 1,817 people have been lost.
In iomlán, tá 40,086 cás deimhnithe sa tír seo ó thús na paindéime agus tá 1,817 duine caillte.
Last night, Health Minister Stephen Donnelly said he had spoken to the Chief Medical Officer of the Department of Health, Dr.
Aréir, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, gur labhair sé le Priomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr.
Tony Holohan, on Sunday about introducing Level 4 restrictions nationwide, before NPHET met.
Tony Holohan, ar an Domhnach faoi shrianta Leibhéal 4 a thabhairt isteach ar fud na tíre, sular bhuail NPHET le chéile.
But Minister Donnelly said he was shocked later that day when it emerged that NPHET was proposing Level 5 restrictions.
Ach dúirt an tAire Donnelly gur tháinig sé aniar aduaidh air ní ba dhéanaí an lá sin nuair a tháinig sé chun cinn go raibh NPHET ag moladh srianta Leibhéal 5.