Podcast: Play in new window | Download (Duration: 9:51 — 2.3MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2y36cydr
Contact: irishlingos@gmail.com
Man (61) charged with €10.6m worth of cocaine.
Fear (61) cúisithe faoi luach €10.6m cócaon.
A 61-year-old man has been remanded in custody and charged with possession of €10.6m worth of cocaine seized last Tuesday.
Tá fear 61 bliain d’aois curtha siar faoi choinneáil agus é cúisithe i leith luach €10.6m den druga cócaon a gabhadh Dé Máirt seo caite.
Michael Murphy was brought before Gorey District Court in Co Wexford this morning.
Tugadh Michael Murphy os comhair Chúirt Dúiche Ghuaire i gCo Loch Garman ar maidin.
He has an address – which has not been permitted to be published at the request of his lawyer – on the border between Kilkenny and Waterford.
Tá seoladh aige – nach bhfuil ceadaithe a fhoilsiú ar iarratas óna dhlíodóir – ar an teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge.
Detective Sergeant Seán Lane of Waterford Garda Barracks gave evidence that at 11.02 last night he arrested Michael Murphy, and that Mr Murphy replied “I understand the reason for this”.
Thug an Bleachtaire Seán Lane as Beairic na nGardaí i bPort Láirge fianaise gur ag 11.02 aréir a ghabh sé Michael Murphy, agus gur fhreagair an tUasal Murphy “tuigim an chúis atá imo leith”.
The Gardaí asked that he not be granted bail, which was confirmed by Judge Kevin Staunton.
D’iarr na Gardaí nach mbronnfaí bannaí air, rud a dhearbhaigh an Breitheamh Kevin Staunton.
Lawyer Chris Hogan asked that Michael Murphy be sent to Cork Prison – and not to Cloverhill Prison – “as there are well-founded concerns that his life would be in danger”.
D’iarr an dlíodóir Chris Hogan go gcuirfí Michael Murphy go Príosún Chorcaí – agus ní go Príosún Chnoc na Seamar – “mar go bhfuil imní a bhfuil bunús leis go mbeadh a bheatha i mbaol”.
Judge Staunton granted that request and issued a request not to publish it.
Cheadaigh an Breitheamh Staunton an t-iarratas sin agus iarratas nach bhfoilseofaí a sheoladh.
Michael Murphy has been remanded in custody in Cork Prison until a week from tomorrow, when he is due to appear in court again via video link.
Cuireadh Michael Murphy siar faoi choinneáil i bPríosún Chorcaí go dtí seachtain ó amárach, nuair a bheidh sé le bheith os comhair na cúirte arís ar nasc-físe.
A week and a half ago, Gardaí stopped a lorry on the M9 in Co Kilkenny, at around 10am this morning.
Seachtain is an lá amárach a tháinig na Gardaí roimh leoraí ar an M9 i gCo Chill Chainnigh, thart ar a 10 a chlog ar maidin.
The lorry was taken to Dublin Port for an X-ray examination.
Tugadh an leoraí go Calafort Átha Cliath le scrúdú X-gha a dhéanamh uirthi.
Then the Gardaí and the Customs Service came across 152kg of cocaine – worth €10.6m they say.
Ansin a tháinig na Gardaí agus an tSeirbhís Custaim ar 152kg cócaon – luach €10.6m a deir siad.
A search was subsequently carried out at a residence and 2 business premises in Waterford.
Ina dhiaidh sin tugadh faoi chuardach ar theach cónaithe agus ar 2 áitreabh gnó i bPort Láirge.
Michael Murphy after the court hearing in Gorey
Michael Murphy tar éis na héisteachta cúirte i nGuaire