20240912_IRISH_200_post_nua_le_cruthu_i_gcill_chainnigh,_60_post_nua_i_gcorcaigh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d3brwty

Contact: irishlingos@gmail.com

200 new jobs to be created in Kilkenny, 60 new jobs in Cork.

200 post nua le cruthú i gCill Chainnigh, 60 post nua i gCorcaigh.

US human resources firm UKG is to create 200 new jobs in Kilkenny.

Tá an comhlacht acmhainní daonna as na Stáit Aontaithe UKG le 200 post nua a chruthú i gCill Chainnigh.

The new recruits will mainly work in the field of cyber security, but customer services and research and development will also be involved.

Is ag obair i réimse na cibearshlándála is mó a bheas na hearcaigh nua ach beidh seirbhísí custaiméirí agus taighde agus forbairt i gceist chomh maith.

The Industrial Development Agency (IDA Ireland) is supporting the new investment.

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht úr.

UKG president Hugo Sarrazin said that the company has 80,000 customers worldwide and indicated that it was decided to create the new jobs in Kilkenny above all else due to the success of the technology sector in the region already.

Dúirt uachtarán UKG Hugo Sarrazin go bhfuil 80,000 custaiméir ag an gcomhlacht ar fud an domhain agus thug le fios gur socraíodh ar na poist nua a chruthú i gCill Chainnigh thar aon áit eile mar gheall ar an rath atá ar an earnáil teicneolaíochta sa réigiún cheana féin.

That’s true, says GFT Ireland chief executive Michael Lohan, and he added that there are many people who are qualified in cyber security based in Kilkenny.

Is fíor sin, arsa príomhfheidhmeannach GFT Éireann Michael Lohan, agus dúirt sé freisin go bhfuil go leor daoine atá cáilithe sa chibearshlándáil lonnaithe i gCill Chainnigh.

Taoiseach Simon Harris said he was delighted with the news and he also drew attention to the boom in the technology sector in the region.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go mb’áthas leis an scéala agus tharraing sé féin aird chomh maith ar an mborradh atá faoin earnáil teicneolaíochta sa réigiún.

It was also announced today that data management company NetApp is to create 60 new jobs in Cork.

Fógraíodh inniu freisin go bhfuil an comhlacht bainistithe sonraí NetApp le 60 post nua a chruthú i gCorcaigh.

The new jobs will be made available in the company’s software development department.

Is i rannóg forbartha bogearraí an chomhlachta a chuirfear na poist nua ar fáil.

NetApp’s international headquarters are based in the Docklands in Cork.

Is i gCeantar na nDugaí i gCorcaigh atá ceannionad idirnáisiúnta NetApp bunaithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply