20240822_IRISH_an_scribhneoir,_gniomhai_mor_le_ra_nell_mccafferty_tar_eis_bhais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/225puzkw

Contact: irishlingos@gmail.com

Prominent writer, activist Nell McCafferty has died.

An scríbhneoir, gníomhaí mór le rá Nell McCafferty tar éis bháis.

Well-known Derry writer Nell McCafferty has died.

Tá an scríbhneoir clúiteach as Doire Nell McCafferty tar éis bháis.

She was 80 years old and had been ill for some time.

Bhí sí 80 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall.

Her family say she died early this morning at a nursing home in Co Donegal.

Deir a teaghlach go bhfuair sí bás go moch ar maidin inniu in ionad altranais i gCo Dhún na nGall.

Nell McCafferty was a journalist, author and active campaigner for women’s rights.

Iriseoir, údar agus feachtasóir gníomhach ar son chearta na mban ab ea Nell McCafferty.

She was born in Tabh an Bogaigh in the city of Derry in 1944 and has stood firmly with the people of that area ever since, especially when they were demanding their civil rights from the British state.

Rugadh í i dTaobh an Bhogaigh i gcathair Dhoire i 1944 agus sheas sí go teann le muintir an cheantair sin riamh ó shin, go háirithe nuair a bhí siad ag éileamh a gcearta sibhialta ar stát na Breataine.

Nell McCafferty graduated from Queen’s University in Belfast and later studied in France.

Bhain Nell McCafferty céim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus chuaigh sí ag staidéar ina dhiaidh sin sa Fhrainc.

She took up journalism in her twenties and was one of the women who founded the Irish Women’s Freedom Movement in 1970.

Chuaigh sí leis an iriseoireacht nuair a bhí sí sna fichidí agus bhí sí ar dhuine de na mná a bhunaigh Gluaiseacht Shaoirse Mhná na hÉireann i 1970.

In addition to being a writer, Nell McCafferty was an active feminist In addition to the situation of women, Nell McCafferty drew attention in her writings to the oppression of the nationalist community in the north and to poor people in Ireland and abroad.

Chomh maith le bheith ina scríbhneoir, feimineach gníomhach ab ea Nell McCafferty Chomh maith le cás na mban, tharraing Nell McCafferty aird ina cuid scríbhinní ar an leatrom a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh agus ar dhaoine bochta in Éirinn agus thar lear.

Bloody Sunday in Derry, the case of the Kerry children and the scandals in the Catholic Church, she combed in detail and wrote about all the subjects and much more besides.

Domhnach na Fola i nDoire, cás leanaí Chiarraí agus na scannail san Eaglais Chaitliceach, chíor sí go mion agus scríobh sí faoi na hábhair ar fad agus mórán eile le cois.

She wrote for various publications – the Irish Times, the Sunday Tribune and Hot Press among them – and since she had a fine flow of speech – often concise speech – she was regularly heard and seen on radio and television.

Scríobh sí d’fhoilseacháin éagsúla – an Irish Times, an Sunday Tribune agus Hot Press ina measc – agus ó bhí rith breá cainte aici – caint ghonta go minic – bhíodh sí le cloisteáil agus le feiceáil go rialta ar an raidió agus ar an teilifís.

She also wrote several books, including Nell, In the Eyes of the Law and The Best of Nell.

Scríobh sí roinnt leabhar freisin, lena n-áirítear Nell, In the Eyes of the Law agus The Best of Nell.

She has been awarded many awards over the years – including an honorary doctorate from University College, Cork in 2016.

Bronnadh neart gradam uirthi i gcaitheamh na mblianta – dochtúireacht oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2016 ina measc.

She was in a relationship with the writer Nuala O’Faolain for more than fifteen years before they separated.

Bhí sí i gcaidreamh leis an scríbhneoir Nuala O’Faolain ar feadh níos mó na cúig bliana déag sular scar siad ó chéile.

Nuala O’Faolain passed away in 2008.

Cailleadh Nuala O’Faolain in 2008.

Nell McCafferty at Nuala O’Faolain’s funeral in 2008 Tributes have been widely paid to Nell McCafferty since her death.

Nell McCafferty ag sochraid Nuala O’Faolain in 2008 Tá ómós tugtha go forleathan do Nell McCafferty ó tháinig a tásc.

Press Ombudsman Susan McKay said she was a pioneering journalist, inspired many young journalists and changed journalism because of her.

Dúirt Ombudsman an Phreasa Susan McKay gur iriseoir ceannródaíoch a bhí inti, gur tháinig go leor iriseoirí óga faoina hanáil agus gur athraigh an iriseoireacht mar gheall uirthi.

Before Nell McCafferty, says Susan McKay, journalism in Ireland was dominated by men – gentlemen indeed.

Roimh Nell McCafferty, arsa Susan McKay, is fir – fir uaisle go deimhin – is mó a bhí i mbun na hiriseoireachta in Éirinn.

Nell McCafferty went out through the people, she listened to them, she wrote about them, about the hardships they suffered, and she gave them a voice, said Susan McKay.

Chuaigh Nell McCafferty amach trí na daoine, thug sí cluas dóibh, scríobh sí fúthu, faoin gcruatan a d’fhulaing siad, agus thug sí glór dóibh, a dúirt Susan McKay.

Nell was a hero to many people and her actions will live on, she said.

Laoch ag a lán daoine ab ea Nell agus mairfidh a gníomhartha ina diaidh, arsa sí.

Various politicians have also paid tribute to Nell McCafferty, including Taoiseach Simon Harris, Tánaiste Micheál Martin, Sinn Féin leader Mary Lou McDonald, Labor Party leader Ivana Bacik and SDLP leader Colum Eastwood.

Tá ómós tugtha freisin ag polaiteoirí éagsúla do Nell McCafferty, lena n-áirítear an Taoiseach Simon Harris, an Tánaiste Micheál Martin, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik agus ceannaire an SDLP Colum Eastwood.

RTÉ News and Current Affairs Nell McCafferty

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Nell McCafferty

Leave a Reply