20240819_IRISH_an_t-ionsai_ar_sheiplineach:_nasc_sceimhlitheoireachta_a_fhiosru



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28gd8gof

Contact: irishlingos@gmail.com

The attack on a chaplain: investigating a terrorist link.

An t-ionsaí ar shéiplíneach: nasc sceimhlitheoireachta á fhiosrú.

Gardai are investigating whether the attack on an army chaplain at Dún O’Mailiosa last night was linked to terrorism.

Tá na Gardaí ag fiosrú an raibh aon bhaint ag an ionsaí a rinneadh ar shéiplíneach airm ag Dún Uí Mhaoilíosa aréir le sceimhlitheoireacht.

A teenager has been arrested in connection with the incident in east Galway, in which an army chaplain was injured on his way into Dún O’Maoliosa.

Tá déagóir gafa maidir leis an eachtra in oirthear na Gaillimhe, inar gortaíodh séiplíneach airm ar a bhealach isteach go dtí Dún Uí Mhaoilíosa.

The chaplain, who is in his fifties, was stabbed during the attack, which happened at 10:45pm.

Sádh an séiplíneach, atá sna caogaidí, le linn an ionsaithe, a tharla ag 10:45pm.

He was taken to University Hospital, Galway.

Tugadh é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

He suffered serious, but non-life-threatening injuries.

Baineadh gortuithe tromchúiseacha dó, ach tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

In a statement on Facebook today, the chaplain thanked the community for all their prayers and indicated that he was to undergo surgery.

I ráiteas ar Facebook inniu, ghabh an séiplíneach buíochas leis an bpobal as a bpaidreacha ar fad agus thug sé le fios go raibh obráid le déanamh air.

The defense forces stopped the attack and managed to keep the teenager under control until the Gardaí arrived.

Chuir na fórsaí cosanta stop leis an ionsaí réir agus d’éirigh leo an déagóir a choimeád faoi smacht go dtí gur tháinig na Gardaí.

The chaplain was taken to University Hospital, Galway. He is being held at a Garda station in the north-west of the country.

Tugadh an séiplíneach go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh Tá sé á choimeád ag stáisiún de chuid na nGardaí in iarthuaisceart na tíre.

In a statement, the Defense Forces indicated that shots were fired during the incident.

I ráiteas, thug na Fórsaí Cosanta le fios gur scaoileadh urchair le linn na heachtra.

But that the officers on duty always followed the protocols of the Defense Forces in the event of an attack by a civilian on a member of the Defense Forces.

Ach gur chloígh na hoifigigh a bhí ar dualgas i gcónaí leis na prótacail atá ag Óglaigh na hÉireann i gcás ionsaí a bheith á dhéanamh ag sibhialtach ar bhall de na Fórsaí Cosanta.

The scene at Dún O’Mailiosa is guarded by the Gardaí and technical examinations are to be carried out.

Tá an láthair ag Dún Uí Mhaoilíosa cosanta ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla le déanamh uirthi.

The incident took place at Dún O’Mailiosa in the east of Galway City last night.

Tharla an eachtra ag ag Dún Uí Mhaoilíosa in oirthear Chathair na Gaillimhe aréir.

Leave a Reply