Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:28 — 1.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2xo8wugo
Contact: irishlingos@gmail.com
Bird Flu on a farm in County Monaghan.
Fliú na nÉan ar fheirm i gContaeMhuineachán.
Tests carried out on a turkey farm in County Monaghan show that some of the birds there have contracted the H5N1 or Bird Flu.
Léiríonn tástálacha atá déanta ar fheirm turcaithe i gContaeMhuineachán go bhfuil an H5N1 nó Fliú na nÉan tolgtha ag roinnt de na héanacha ansin.
A 3 kilometer protection zone has been implemented around the farm.
Tá zón cosanta 3 chíleaméadar curtha i bhfeidhm timpeall ar an bhfeirm.
The farm is close to the border, so the Northern Ireland Department of Agriculture and the Department of Agriculture here are working hand in hand to ensure that this acid does not spread.
Tá an fheirm gar don teorainn, mar sin tá Roinn Talmhaíochta Thuaisceart Éireann agus an Roinn Talmhaíochta anseo ag obair as lámha a chéile lena chinntiú nach scaipeann an aicíd seo.
Up to 3,000 turkeys were tested on the farm this weekend and traces of the flu were found in several of them.
Cuireadh tástáil ar suas le 3,000 turcaí ar an fheirm an deireadh seachtaine seo agus fuarthas rian den fliú i roinnt díobh.
They were all being prepared for the Christmas market.
Bhí siad ar fad á réiteach do mhargadh na Nollag.
However, the entire number must now be disposed of.
Caithfear fáil réidh leis an líon iomlán anois áfach.