Podcast: Play in new window | Download (Duration: 11:35 — 2.7MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y3c9nrxk
Contact: irishlingos@gmail.com
“Model” d
“Baothshamhail” d'ionsaí núicléach ar Éirinn cáinte.
A good model of a nuclear attack on Ireland broadcast on a Russian television program at the weekend has been strongly criticized by Taoiseach Micheál Martin and other politicians.
Tá samhail mar dhea d’ionsaí núicléach ar Éirinn a craoladh ar chlár teilifíse sa Rúis ar an deireadh seachtaine cáinte go láidir ag an Taoiseach Micheál Martin agus polaiteoirí eile.
Fake images of this country and Britain being destroyed by a Russian nuclear bomb were shown on the television program.
Léiríodh íomhánna bréige den tír seo agus den Bhreatain á ndíothú ag buama núicléach Rúiseach ar an gclár teilifíse.
The Taoiseach noted that the model was very unpleasant and threatening.
Thug an Taoiseach le fios go raibh an tsamhail an-mhíthaitneamhach agus bagrach.
In addition to the mock-ups, presenter Dmitry Kiselyov described the “explosion of a thermocouple torpedo on the British coast that will result in an enormous 500-meter-high tsunami.”
I dteannta na n-íomhánna bréige, rinne láithreoir an chláir Dmitry Kiselyov cur síos ar “phléascadh toirpéid teirmeanúicléach ar imeallbhord na Breataine a mbeidh súnámaí ábhalmhór 500 méadar ar airde mar thoradh air.”
Although the presenter does not mention Ireland, she is seen on the graphics being destroyed.
Cé nach luann an láithreoir Éire, tá sí le feiceáil ar na grafaicí á scrios.
Dmitry Kiselyov is said to be a lobbyist for Russian President Vladimir Putin.
Deirtear gur stocaire ar son Uachtarán na Rúise Vladimir Putin é Dmitry Kiselyov.
Although the images are not likely to upset people much, said Micheál Martin, the attitude of those who put them together is a cause for concern.
Cé nach dóigh go gcuirfidh na híomhánna as do dhaoine mórán, a mhaígh Micheál Martin, is údar imní meon aigne na ndaoine a chuir i dtoll a chéile iad.
Those people are isolated from life as it is, he says.
Tá na daoine sin scoite amach ón saol mar atá, arsa sé.
He also said that those responsible for the TV segment should apologize.
Dúirt sé freisin gur chóir don dream atá freagrach as an mír teilifíse a leithscéal a ghabháil.
Environment Minister Éamon Ryan said it was a shame and a cause for concern.
Dúirt an tAire Comhshaoil Éamon Ryan gur mór an náire agus an t-údar imní a leithéid.
He assumes, he said, that State officials in this country will discuss the matter with the Russian Ambassador.
Glacann sé leis, ar sé, go bpléifidh oifigigh Stáit na tíre seo an scéal le hAmbasadóir na Rúise.
Independent Senator Tom Clonan’s imagined imagination and ridicule.
Samhlaíocht agus mugadh magadh a thug an Seanadóir Neamhspleách Tom Clonan ar an mír teilifíse.
Former Defense Forces captain Tom Clonan is a military expert.
Iarchaptaen in Óglaigh na hÉireann é Tom Clonan ar saineolaí é ar ghnóthaí míleata.
There is no such thing as a nuclear bomb and even if it were, he said, it would take thousands of them to work the sea as indicated in the fake images.
Níl a leithéid de bhuama núicléach ann agus fiú dá mbeadh, ar sé, theastódh na mílte acu leis an bhfarraige a oibriú mar a tugadh le fios sna híomhánna bréige.